Disléicse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é rud is disléicse ann ná míchumas léite i ndaoine le cumais oiriúnacha intleachtachta is tuisceana agus dóthain deiseanna oideachais, de réir dealraimh. Tugtar ailéicse uirthi freisin.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaitear

  • disléicse ó dhúchas le duine a raibh deacracht aige léamh a fhoghlaim.
  • disléicse fhaighte le duine a bhíodh in ann léamh ach a chaill an cumas de bharr damáiste dá inchinn.
Disléicse agus cló-aghaidh

Is féidir le duine le disléicse dhomhain nó fhóineolaíoch fíorfhocail a léamh, ach bíonn deacracht mhór aige le focail neamhaithnidiúla nó raiméis.

Is féidir le duine le disléicse dhromchlach focail ina bhfuil gnáthchomhfhreagairt idir litriú is fuaimniú a léamh (plough sa Bhéarla, mar shampla), ach ní féidir nuair nach bhfuil an ghnáthchomhfhreagairt ann (tough, mar shampla).


Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní thuigtear cad is bun le disléicse. Is eol go dtarlaíonn míchumais chosúla do bhaill éagsúla den chlann chéanna go coitianta.

Tá an disléicse go hannamh sa tSín agus sa tSeapáin.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cláir éagsúla oideachais ar fáil chun cabhrú le daoine an ceann is fearr a fháil uirthi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Disléicse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.