Richard Abegg
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (de) Richard Wilhelm Heinrich Abegg 9 Eanáir 1869 Gdańsk |
Bás | 3 Aibreán 1910 41 bliana d'aois Koszalin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Kiel Ollscoil Tübingen Ollscoil Humboldt Bheirlín |
Comhairleoir dochtúireachta | August Wilhelm von Hofmann |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Suíomh oibre | Göttingen Wrocław |
Gairm | ceimiceoir, fisiceoir, balúnaí |
Fostóir | Ollscoil Wrocław Ollscoil Stócólm Ollscoil Göttingen |
Ball de | |
Mac/iníon léinn | Clara Immerwahr |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Friedrich Bergius agus Clara Immerwahr |
Teaghlach | |
Athair | Wilhelm Abegg |
Siblín | Wilhelm Abegg agus Waldemar Abegg |
Duine muinteartha | Julius Friedrich Heinrich Abegg (seanathair) |
Ceimiceoir Gearmánach agus ceannródaí theoiric an fhiúsnaisc ab ea Richard Wilhelm Heinrich Abegg (9 Eanáir 1869 - 3 Aibreán 1910) Mhol sé gur gnách gurb é ocht an difríocht idir an fiús uasta dearfach agus diúltach d'eilimint. Tugtar riail Abegg air seo. Ba fear mór na mbalún gás é, agus ba é ba chúis lena bhás ag aois 41 nuair a thuairteáil a bhalún go talamh san tSiléis..
Fuair Abegg a PhD ar 19 Iúil 1891 mar mhac léinn d'August Wilhelm von Hofmann in Ollscoil Bheirlín. D'fhoghlaim Abegg ceimic orgánach ó Hofmann, ach bliain amháin tar éis dó a chéim PhD a chríochnú thosaigh sé ag déanamh taighde ar cheimic fhisiceach agus é ag staidéar le Friedrich Wilhelm Ostwald i Leipsic, an Ghearmáin. Ina dhiaidh sin bhí Abegg ag obair mar chúntóir príobháideach do Walther Nernst in Ollscoil Göttingen agus do Svante Arrhenius in Ollscoil Stócólm.