Jump to content

Rhodri Mawr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRhodri Mawr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 820 (Féilire Ghréagóra)
Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás878
57/58 bliana d'aois
Inis Món Cuir in eagar ar Wikidata
Tiarnas Gwynedd
Ríocht Powys
Ríocht Ceredigion
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmmonarc, gaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Teaghlach
TeaghlachTeaghlach Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAngharad ferch Meurig Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnarawd ap Rhodri, Merfyn ap Rhodri, Cadell ap Rhodri, Tudwal an Bacach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMerfyn Frych  agus Nest ferch Cadell
Léarscáil ag tabhairt le fios fairsinge na ngabhálacha a bhain an Rí Rhodri Mawr amach.

██ Gwynedd, prionsacht Rhodri Mawr

██ Comhcheangail chun Morgannwg a chruthú.

B'é Rhodri Mawr (nó Rhodri ap Merfyn) an chéad rialtóir sa Bhreatain Bheag a bhain an gradam Mawr ('Mór') amach dó féin, agus an chéad duine a bhain forlámhas amach ar an Bhreatain Bheag, beagnach ina hiomláine. Tugtar 'Rí na mBreatnach' air in Annála Uladh. Níos déanaí, ghlaoigh staraithe éagsúla 'Rí na Breataine Bige' air, cé nach raibh sé riamh in ann an Bhreatain Bheag uile a smachtú agus níor thug daoine comhaimseartha leis an teideal seo dó.

Fear "cumasach ábalta" ab ea Rhodri Rí agus rud úr-nua ab ea é an chuid ba mhó den Bhreatain Bheag a bheith faoi aon shliocht ríoga amháin.[1]

Ginealach agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac Mherfyn Frych, Rí Gwynedd agus Nest ferch Cadell ó ríshliocht Powys ab ea é, agus fuair sé Ríocht Gwynedd ó oidhreacht tar éis dá athair bás a fháil sa bhliain 844.

Chaith Sedulius Scottus seal ina chúirt thart faoin mbliain 848.[2]

"Horm, toesech na n-Dubgennti, iugulatus est la Ruadhraigh m. Meirminn righ m-Bretan."

Annála Uladh, s.a. 856.6[3]

Tá Horm, taoiseach na nDubhghintlithe maraithe ag Rhodri mac Merfyn rí na mBreatnach.[nóta 1]

Nuair a bhásaigh a uncail, deartháir a mháthar, Cyngen ap Cadell rialtóir Powys, ar oilithreacht go dtí an Róimhe sa bhliain 855, fuair sé Powys le hoidhreacht freisin. Sa bhliain 872, tré thaisme, bádh Gwgon, rialtóir Seisyllwg i ndeisceart na Breataine Bige, chuir Rhodri Ríocht Seisyll leis a fhearainn de bhua a pósadh le Angharad, deirfiúr Gwgon. Seo déanta b'é Rhodri an rialtóir is mó sa Bhreatain Bheag.

"Ruaidhri m. Muirminn, rex Brittonum, du tuidhecht docum n-Erenn for teiched re Dubghallaibh."

Annála Uladh, s.a. 877.3[3]

Rhodri mac Merfyn, rí na mBreatnach, do thigheacht chun na hÉireann ar teitheadh roimh Dhubhghallaibh.[nóta 1]

Ar bhás Rhodri Fawr, roinneadh a ghabháltas ar a bheirt mhac Anarawd agus Cadell, agus "ba dhóbair d'aontacht na tíre dul ar neamhní arís", ach leathchéad bliain tar éis bhás Rhodri Fawr bhí níos mó den Bhreatain Bheag faoi smacht mhic Chadell, Hywel Dda, ná mar a bhí ag a sheanathair roimhe.[1]

"Ruaidhri m. Muirminn, rex Brittonum a Saxonibus interemptus."

Annála Uladh, s.a. 878.1[3]

Rhodri mac Merfyn, rí na mBreatnach maraithe ag Sacsanaigh.[nóta 1]

Níor tháinig aon fhilíocht mholta faoi Rhodri Mawr féin aníos chugainn i mBreatnais, cé go mbeifí ag súil leis. Mar sin féin, is thart faoin mbliain 850 a cumadh sraith englynion[nóta 2] atá ar caomhnú i lámhscríbhinn i Llyfr Coch Hergest dar le hIfor Williams, bunaithe ar an ábhar, ar an bhfriotal, ar an meadaracht, agus ar na háiteanna a luaitear iontu. Baineann siad seo le Powys, atá in iarthar agus lár na Breataine Bige, agus le coimhlint idir na Breatnaigh agus fir Mhercia, "go mór mór ag áit darbh ainm Pengwern a bhí suite gairid do Shrewsbury an lae inniu."[4]

Tá an dán gairid seo le fáil in Annála Uladh ar bhásanna Rhodri agus uaisle eile:[nóta 3]

"Ruaidri Manann, minn n-aine
Aed a crichaib Cinn Tire
Donnchad, domna finn flatha,
Garbsith, minn Macha mine.
O do-ralaim ar m'aire
fu-geir cricha mo cridhe,
lecca h-uara iar n-aire,
baile for Barrfhinn Bile."
Annála Uladh, s.a. 878.3[3]
Rhodri Mhanann, mionn áine
Aed ó chríochaibh Chinn Tíre
Donnchad, damhna fionn flatha,
Garbsith, mionn Macha mine.
Ó bheirim ar m'aire
faghraíonn críocha mo chroí,
leaca fuara iar n-aire,
buile ar Bharrfhinn Bile.[nóta 1]
  1. 1 2 Ní Mhuiríosa (1972), lch 14
  2. Breen, Aidan. "Sedulius Scottus (‘the Irishman’)" (en). Dáta rochtana: 03 Bealtaine 2025.
  3. 1 2 3 4 "The Annals of Ulster". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-02.
  4. Ní Mhuiríosa (1972), lgh 37–38
  1. 1 2 3 4 Arna aistriú ag an Uicipéid. Fáilte roimh cheartúcháin.
  2. uatha: englyn .i. véarsa de thrí nó ceithre líne
  3. .i. "Aedh m. Cinadan, rex Pictorum" agus "Garfith m. Mael Brigte, rex Conaille", maille le "Donnchad m. Aedhaccain m. Concobuir"?