Seisyllwg
Seisyllwg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Bhreatnais | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Ceredigion | ||||
Cruthú | 680 | ||||
Díscaoileadh | 920 | ||||
Á leanúint ag | Teyrnas Deheubarth | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Mionríocht in iardheisceart na Breataine Bige a bhí i Seisyllwg, a bhí ann ó 730 go 920.
Ag tús an 8ú haois, rialaigh an Rí Seisyll ap Clydog i gCeredigion. Timpeall na bliana 730 ghabh Seisyll 'Ystrad Tywi' ó Rhain ap Cadwgan, rí Dyfed, agus chuir sé lena ríocht féin é. Tugadh an logainm Seisyllwg ar an ríocht mhéadaithe nua. Taifeadtar go bhfuair a mhac, Arthen ap Seisyll, bás sa bhliain 807
Sa bhliain 872, báthadh Gwgon ap Meurig, rí Seisyllwg, trí thimpiste, agus chuir Rhodri Mawr a ríocht lena shealúchais trína phósadh le hAngharad, deirfiúr le Gwgon is sin-sin-gar-iníon Seisyll ap Clydog. Bhí Rhodri ina rí anois ar fhormhór na Breataine Bige. Nuair a fuair Rhodri bás fuair Cadell ap Rhodri le hoidhreacht Seisyllwg agus athbhunaíodh í ar feadh tamaill mar ríocht neamhspleách. D'éirigh le Cadell Dyfed a ghabháil i 904/905, agus thug sé dá mhac Hywel Dda é a rialú..
Nuair a fuair Hywel Seisyllwg le hoidhreacht freisin sa bhliain 920 tháinig an dá ríocht le chéile chun Teyrnas Deheubarth. a chruthú.
Ríthe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seisyll ap Clydog
- Arten ap Seisyll (-807)
- Dyfnwal ap Arthwyr (807-825/841)
- Meurig ap Dyfnwal (825/841-850/871)
- Gwgon ap Meurig - an rí deiridh ar Ceredigion (871-872)
- Cadell ap Rhodri (872-909)
- Clydog ap Cadell (909-920)
- Meurig ap Cadell (909-?)
- Hwyfaid ap Clydog (920-939)
- Hywel Dda ap Cadell (909-950)
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Edward Lloyd (1911) Stair na Breataine Bige: ón aimsir is luaithe go dtí an concas Éadbhardach (Longmans, Green & Co)