Ríocht no tiarnas in iardheisceart na Breataine Bige ba ea Teyrnas Deheubarth (Gaeilge:Tiarnais an Deiscirt), a chuimsigh Ceredigion, Dyfed agus Ystrad Tywi. Chruthaigh Hywel Dda an ríocht seo nuair a fuair sé na codanna sin den tír a bhí neamhspleách roimhe seo. Ba é Dinefwr lár na ríochta i Cantref Mawr.
D'aontaíodh Deheubarth timpeall 920 ag Hywel Dda as críocha Seisyllwg agus Dyfed, a tháinig ina sheilbh. Níos déanaí, cuireadh Teyrnas Brycheiniog leis. Roimhe seo ba é Caerllion príomhchúirt an cheantair, ach dhaingnigh ríshliocht Hywel bunáit nua ag Dinefwr, in aice le Llandeilo, ag tabhairt a n-ainm dóibh. Tar éis do Hywel a bheith i mbarr a réime, gabhadh forlámhas ar Dinefwr arís agus arís eile. Ar dtús, ag Breatnaigh an tuaiscirt agus an oirthir: le Llywelyn ap Seisyll as Gwynedd i 1018; le Rhydderch ap Iestyn as Morgannwg i 1023; le Gruffydd ap Llywelyn as Gwynedd i 1041 agus 1043. Sa bhliain 1075, d’éirigh le Rhys ab Owain agus uaisle Ystrad Tywi an t-ardtiarna Bleddyn ap Cynfyn, a raibh tacaíocht na Sasanach aige, a mharú go fealltach. Cé gur cloíodh Rhys go tapa ag Gwynedd agus Gwent, d’athbhunaigh a chol ceathrar Rhys ap Tewdwr - trí phósadh le teaghlach Bleddyn agus trí chath - athbhunaigh sé mórcheannas a ríshliocht thar dheisceart na Breataine Bige díreach in am don dara tonn concais: ionradh fada Normannach ag Tiarnaí na dTeorainneach. Maraíodh Rhys i gcúinsí anaithnid agus é ag seasamh in aghaidh an forleathnaithe isteach i mBrycheiniog agus caitheadh a mhac Gruffydd ar deoraíocht ar feadh seal gairid.