Jump to content

Madog ap Maredudd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMadog ap Maredudd
Beathaisnéis
Breith12 haois
Bás1160 (Féilire Ghréagóra)
Ríocht Powys
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSiwsana ferch Gruffudd Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOwain Fychan, Gwenllian ferch Madog ap Maredudd ap Bleddyn, Owain Fychan ap Madog ap Maredudd ap Bleddyn, Cynwrig Efell ap Madog ap Maredudd ap Bleddyn ap Cynfyn, Einion Efell ap Madog ap Maredudd, Marared ferch Madog, Llywelyn ap Madog, Efa ferch Madog, Gruffydd Maelor, Owain Brogyntyn, Efa ferch Madog ap Maredudd ap Bleddyn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaredudd ap Bleddyn  agus Hunydd ferch Eunydd ap Gwerngwy
SiblínIorwerth Goch ap Maredudd

Ba é Madog ap Maredudd (Meán-Bhreatnais: Madawg mab Maredud, Madawc mab Maredut; cailleadh sa bhliain 1160 é) an prionsa deireanach de chuid Ríocht Powys sa Bhreatain Bheag.An prionsa deireanach de chuid Ríocht Powys sa Bhreatain Bheag.

Ba mhac le Maredudd ap Bleddyn agus garmhac le Bleddyn ap Cynfyn é Madog.Tháinig sé i gcomharbacht ar Ríocht Powys, tar éis bhás a athar sa bhliain 1132. Ghlac sé páirt i Cath Lincoln sa bhliain 1141, ag tacú le Iarla Chester, in éineacht le Cadwaladr ap Gruffydd (deartháir le Owain Gwynedd) agus le harm mór Breatnach.

Taifeadadh sa bhliain 1149 gur thug sé Cyfeiliog dá chol cheathracha, Owain Cyfeiliog agus Meurig. Sa bhliain chéanna, athtógadh caisleán Oswestry, dúnfort William Fitzalan.

Briseadh le Gwynedd

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Um an dtaca seo, bhí Madog agus Powys faoi bhrú Owain Gwynedd, Rí Gwynedd, cé go raibh Madog pósta le Susanna, deirfiúr Owain. Rinne Madog comhghuaillíocht le Ranulf de Gernon, an 4ú Iarla Chester, ach bhuaigh Owain orthu ag Cath Ewloe sa bhliain 1150 agus ghlac sé seilbh ar thailte Mhadog in Iâl. Nuair a rinne an rí Anraí II Shasana ionradh ar Gwynedd sa bhliain 1157, fuair sé tacaíocht ó Mhadog, a ghlac seilbh ar a chuid tailte arís. De réir dealraimh, chuaigh sé ar fheachtas le hAnraí chuig Toulouse, ach theip orthu. Cailleadh Madog ina dhiaidh sin agus é ag filleadh abhaile, ar an 9 Feabhra, 1160 ag Caisleán Whittington. Adhlacadh é sa séipéal Naomh Tysilio i Meifod, príomh-shéipéal Powys.

Cailleadh mac ba sine Mhadog, Llywelyn, go gairid tar éis bhás a athar, agus roinneadh Powys i measc mac agus garmhac Mhadog. Níor aontaíodh Powys arís go choíche, agus scaradhh in dhá leath é: Powys Fadog (Powys Íochtarach) agus Powys Wenwynwyn (Powys Uachtarach).

Tá an scéal “Brionglóid Rhonabwy” suite le linn réimeas Mhadog. Is é Giolla Madog príomhcharachtar an scéil.