Reiteanól
An fhoirm ghníomhach de vitimín A, intuaslagtha in ola, atá le fáil sa chothú i margairín, éisc olúla is saill déiríochta. Feidhmíonn sé chun iomláine an chraicinn is na scamhóg (na fíocháin eipitéiliacha) a chaomhnú, agus baineann sé le sintéis purpal amhairc a chinneann cumas an duine a amharc a oiriúnú don dorchadas. Má tharlaíonn uireasa vitimín A cuirfidh sé sin isteach ar chumas duine a amharc a oiriúnú don dorchadas, agus más trom an uireasa é féadfaidh sé éirí go hiomlán dall. Is féidir reiteanól a shintéisiú as caraitéin, a fhaightear ó chairéid is glasraí glasa duilleogacha, agus is ar an ábhar seo a chreidtear go gcabhraíonn cairéid le hamharc na súl istoíche.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |