39ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht39ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2024
Íomhá
Cineálreferendum proposal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé mar chuspóir ag Rialtas na hÉireann de réir an 39ú Leasú ar an mBunreacht, nó "An Leasú ar an Teaghlach" ar an 8 Márta 2024 an sainmhíniú atá ar an teaghlach sa Bhunreacht a leathnú.[1][2] Vótáil 68% Níl.[3]

An aidhm a bhí leis an leasú i reifreann an teaghlaigh ná athrú dhéanamh ar an sainmhíniú ar cad is teaghlach ann, agus sainmhíniú an fhocail ‘teaghlach’ sa Bhunreacht a leathnú ionas nach mbainfidh sé le teaghlaigh lánúineacha pósta amháin.[4] Teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh amháin atá i gceist sa Bhunreacht agus diúltaíodh don leasú a d’fhágfadh aitheantas ag teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh agus teaghlaigh “bunaithe ar chóngais bhuanfasacha”.[5]

páipéar ballóide; bhí dath bán ar an bPáipéar Ballóide seo.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Nollaig 2023, d'fhógair Rialtas na hÉireann[6] dhá reifreann - an 39ú Leasú agus an 40u Leasú - maidir le tagairtí faoi leith atá i mBunreacht na hÉireann don teaghlach agus do chúrsaí cúraim.

Sa bhliain 2021, d’iarr an Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne ar an rialtas fhoclaíocht níos láidre a dhréachtú.[7] Mhol sé reifreann ar chomhionannas inscne, Airteagail 40 agus 41 de Bhunreacht na hÉireann a leasú, agus an tagairt ann faoin 'mbean sa teaghlach' a bhaint amach, tagairt seanchaite dar leo. Moladh foclaíocht úr a chur ina ionad agus tagairt shoiléir a dhéanamh sa Bhunreacht do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú.[8]

In 2022, bunaíodh coiste speisialta Oireachtais lena raibh molta ag an Tionól Saoránach a chíoradh. Foilseoidh grúpa idir-rannach moltaí maidir leis na leasuithe cuí bunreachtúla faoi dheireadh an Mheithimh. 2023.

Reáchtáladh an reifreann ar an 8 Márta 2024 – Lá Idirnáisiunta na mBan.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar atá, sonraítear in Airteagal 41.1.1 den Bhunreacht "[go n-a]dmhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir".

Maidir leis an bhfoclaíocht "ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe" atá in Airteagal 41.3.1, bhí súil ag an Rialtas "nó ar chaidrimh inbhuanaithe eile" a chur leis.

Léirmhíniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor gheall an Taoiseach ná airí eile go mbeadh aon toradh praiticiúil ar an leasú. Thug an téacs a bhí molta aitheantas siombalach do shaothar cúramóirí, idir fhir agus mhná. Ní léir, áfach, cé mar a rachaidh sé chun tairbhe dóibh má ghlactar leis.

De réir Conor O’Mahony, ollamh le dlí bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, ní raibh á mholadh dáiríre, dar leis, ach foráil ghnéasaíoch gan éifeacht a chur amach as an mBunreacht agus foráil inscne-neodrach gan éifeacht a chur ina hionad. [4]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne An Coimisiún Toghcháin praiseach cheart den bhileog as Gaeilge.[2] Ar 28 Eanáir, d’fhoilsigh an Coimisiún "leabhráin eolais" 12-leathanach faoi na reifrinn.[9] Ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais agus ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge.[10] Ceartaíodh an bhileog ach tháinig an leagan as Gaeilge amach níos déanaí ná an bhileog i mBéarla. Ina theannta sin, bhí an bhileog scríofa i stíl thar a bheith foclach, 12 leathanach in iomlán.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-12-05). "Dhá reifreann le reáchtáil ar an 8 Márta 2024" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 electoralcommission.ie (2024). "Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram - Bileog (pd)". Dáta rochtana: 2024.
  3. "An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023" (ga-IE). Reifreann na hÉireann. Dáta rochtana: 2024-03-10.
  4. 4.0 4.1 Cathal Mac Coille (9 Nollaig 2023). "Thar am ceart vótála a thairiscint do shaoránaigh Éireannacha sa tuaisceart" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-10.
  5. "‘Níl’ agus ‘Níl’ – ‘buaite glan’ ar an dá reifreann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-09). Dáta rochtana: 2024-03-10.
  6. Rialtas na hÉireann (2023-12-05). "General Scheme of the Amendment of the Constitution Bill 2023" (en-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-12-09.
  7. citizensassembly.ie (2021). "Final report of the Citizens' Assembly on Gender Equality". Dáta rochtana: 2023.
  8. Nuacht RTÉ (2023-03-08). "Reifreann ar chomhionannas inscne gairmthe ag an Rialtas" (as ga-IE). 
  9. electoralcommission.ie (2024). "Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram - Bileog (pd)". Dáta rochtana: 2024.
  10. "Botúin sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi na reifrinn ceartaithe ag an gCoimisiún Toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.