Jump to content

Reifreann Neamhspleáchais na Catalóine, 2017

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Reifreann Neamhspleáchais na Catalóine, 2017
 ← Catalan self-determination referendum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidataan Chatalóin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata
Am1 Deireadh Fómhair 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálindependence referendum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCatalan independence process (en) Aistrigh agus 2017–18 Spanish constitutional crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáin oifigiúilreferendum.cat Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#CatalanReferendum, #Votarem agus #1Oct Cuir in eagar ar Wikidata
Líon daoine a vótáil
Electorate (en)5,313,564 Cuir in eagar ar Wikidata
2,286,217
Total valid votes (en)2,266,498    Number of blank votes (en) 44,913   Number of spoilt votes (en) 19,719
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Ar sonBuaiteoir
I gcoinne

lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata
Immediate cause of (en) Aistrigh
27 Deireadh Fómhair 2017: Catalan declaration of independence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtáil Rialtas na Catalóine Reifreann Neamhspleáchais na Catalóine (Catalóinis: Referèndum d'Autodeterminació de Catalunya) ar an 1ú lá Deireadh Fómhair 2017. Rinne rialtas na Spáinne iarracht é a chur faoi chois.

Mórstailc ar an 3 DF 2017
agóid, 4 DF 2017
Rannpháirteachas
Carles Puigdemont ar an 7 Lúnasa 2024

Vótáil muintir na Catalóine ar son an neamhspleáchais ach bhí an ráta staonta an-ard. Dúirt rialtas na Catalóine gur vótáil 92% den 43% den toghlach a ghlac páirt sa reifreann ar son an neamhspleáchais.[1] Cuireadh an cheist "Ar mhaith leat an Chatalóin a bheith ina stát nua neamhspleách mar phoblacht?" Chaith 2,196,710 duine vóta, le 2,020,144 (92%) ag vótáil ar son an neamhspleáchais.

Rialaigh Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne, áfach, gur reifreann “mídhleathach” a bhí ann.

Ruaille buaille

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 27 Deireadh Fómhair 2017, bhí vóta caite ag baill Pharlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas na Catalóine a fhógairt. Vótáil na feisirí ar son “Poblacht na Catalóine” a chruthú a bheadh ina “stát neamhspleách, flaitheasach”. Vótáil 70 feisire ar son an rúin agus deichniúr a vótáil ina aghaidh. Rinne feisirí an fhreasúra, a bhí in aghaidh an neamhspleáchais, baghcat ar vóta an lae inniu. Shiúil baill an PSC, Páirtí Sóisialach na Catalóine, baill an Ciutadans agus baill an pháirtí chaomhaigh, amach as an bParlaimint sular caitheadh na vótaí.[1]

Chuir Carles Puigdemont, ina uachtarán ar rialtas réigiúnach na Catalóine ag an am, fógra oifigiúil neamhspleáchais na Catalóine ar athló níos luaithe an mhí seo ar mhaithe le tuilleadh cainte agus comhrá le rialtas Madrid faoi "phróiseas síochánta" leis an neamhspleáchas a bhaint amach.

Deoraíocht agus réiteach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ansin theith Puigdemont ón gCatalóin in 2017 nuair a chúisigh na húdaráis é in airgead poiblí a chaitheamh go mídhleathach ar an reifreann.

Sa bhliain 2019, toghadh Puigdemont mar fheisire chuig Parlaimint na hEorpa.

I mí na Bealtaine 2024, ritheadh dlí i bParlaimint na Spáinne ag tabhairt pardún ginearálta do na daoine ar nós Puigdemont a bhí freagrach as an reifreann in 2017 a reáchtáil.

D'fhill Puigdemont ar an gCatalóin ar an 7 Lúnasa 2024 tar éis dó a bheith ar deoraíocht sa Bheilg le seacht mbliana.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (27 Deireadh Fómhair 2017). "Vóta caite i bParlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas a fhógairt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-08.
  2. Nuacht RTÉ (2024-08-08). "Dúshlán na n-údarás tugtha ag iarcheannaire Catalónach" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]