Ray Tomlinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRay Tomlinson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Raymond Samuel Tomlinson
23 Aibreán 1941
Amsterdam, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Márta 2016
74 bliana d'aois
Lincoln, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCauses of World War I (en) Aistrigh (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Pholaiteicnice Rensselaer
Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts - Innealtóireacht leictreach (–1965) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEolaí ríomhaireachta
Gairmríomhchláraitheoir, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1971 –
FostóirBBN Technologies (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinopenmap.bbn.com… Cuir in eagar ar Wikidata

Innealtóir ríomhaire, ceapadóir an ríomhphoist, a rugadh i Vale Mills, Nua-Eabhrac, sa bhliain 1941 ab ea Ray Tomlinson. Rinne sé obair do Roinn Cosanta na Stát Aontaithe ar líonra ríomhaire ghníomhaireacht na scéimeanna ardtaighde (ARPANET), réamhtheachtaire don Idirlíon. I 1971 cheap sé bealach chun teachtaireacht a sheoladh ó úsáideoir ar ríomhaire amháin chuig úsáideoir ar ríomhaire i gcéin. Roghnaigh sé an tsiombail @ chun ainm an úsáideora a scaradh ó ainm an ríomhaire a bheadh ag fáil na teachtaireachta.

D'fhás Tomlinson aníos i Vale Mills, Nua-Eabhrac. Rinne sé staidéar insan Rensselaer Polytechnic Institute in Troy, New York, áit ar bhain sé céim B.S. amach i 1963 agus ansin sa Massachusetts Intstitute of Technology. Bhronn MIT céim M.S. air sa bhliain 1965.

Fuair sé bás ar an 5 Márta 2016.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ray Tomlinson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.