Rajendra Prasad
Rajendra Prasad | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Iúil 6, 1946 - Eanáir 24, 1950
Nollaig 11, 1946 - Eanáir 24, 1950 ← Sachchidananda Sinha
Eanáir 26, 1950 - Bealtaine 12, 1962 ← C. Rajagopalachari - Sarvepalli Radhakrishnan → | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Ziradei (en) ![]() | ||||||
Náisiúntacht | Réimeas Briotanach An India Tiarnas na hIndia | ||||||
Áit chónaithe | Dr. Rajendra Prasad house (en) ![]() | ||||||
Bás | Patna, 28 Feabhra 1963 | ||||||
Muintir | |||||||
Céile/Céilí | Rajavanshi Devi Prasad (en) ![]() | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Ollscoil Chalcúta Ollscoil Presidency Surendranath College (en) ![]() Surendranath Law College (en) ![]() | ||||||
Teangacha | An Hiondúis an Béarla | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | dlíodóir agus polaiteoir | ||||||
Fostóirí | Ollscoil Chalcúta | ||||||
Duaiseanna | |||||||
Cleamhnú | |||||||
Reiligiúin | An Hiondúchas | ||||||
Páirtithe polaitíochta | Indian National Congress (en) ![]() | ||||||
IMDb | nm1518775 |
An chéad Uachtarán ar an India - ó 1950 go 1962 - ab ea Rajendra Prasad (3 Nollaig 1884 – 28 Feabhra 1963).[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Céimí de chuid Ollscoil Calcutta, a bhronn M.A. san Eacnamaíocht air sa bhliain 1907, bhí Prasad ina mhúinteoir Béarla ar dtús.[2]
Rinne sé staidéar ar an dlí i Kolkata (ar a dtugtar Calcúta ansin) agus fuair sé LLB sa bhliain 1910 agus LLM céadonóracha sa bhliain 1915. Bronnadh bonn óir dá bharr sin. Fuair sé LLD ó Ollscoil Allahabad in 1937. Sa bhliain 1916, a ligeadh isteach mar dhlíodóir os comhair Ard-Chúirt Patna nuabhunaithe é.
In 1906 a thosaigh an bhaint a bhí aige le Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus sa bhliain 1911 a ghlac sé ballraíocht inti. Ón gcéad uair a cuireadh Gandhi in aithne dó, sa bhliain 1916, mhéadaigh an tionchar a bhí ag an Mahatma air agus sa bhliain 1920 a chuaigh sé i bpáirt le roinnt dlíodóirí mór le rá eile agus iad ag éirí as an mBarra thart ar an bpointe sin chun díriú ar an troid ar son na saoirse.[2]
Shamhlaítí an ghluaiseacht um neamh-chomhoibriú le Prasad go mór mór agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Bihar Vidyapeeth in Patna, ollscoil a raibh mar aidhm aige, mar rogha eile é in ionad an chórais oifigiúil, éiteas ar a raibh rian sainiúil na hIndia, ag teacht le tréithe tuaithe (den chuid is mó) na tíre agus idé-eolaíocht thírghrách.
Bhí Prasad ina Leas-Seansailéar ar an Ollscoil ó 1923 go 1927 agus ina Chathaoirleach uirthi go dtí 1942. Bhí sé ina chónaí i dteachín ceann tuí ar champas na hollscoile ó 1921 go 1946 agus tar éis dó éirí as mar Uachtarán na hIndia, d'fhill sé ar an áit sin chun na míonna a bhí fágtha sa saol dó a chaitheamh.[2]
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Prasad ina bholscaire gníomhach thar ceann na Comhdála agus ina cheannaire uirthi sna 1920í, 1930í agus 1940í, agus bhí sé ina Uachtarán uirthi trí huaire (1934-35 agus ar feadh tamaillín arís i 1939 agus 1947).
Chuir na Briotanaigh i bpríosún é arís agus arís eile mar gheall ar an ról ceannaireachta a bhí aige, go mór mór ó 1942 go 1945, mar fhreagairt ar an ngluaiseacht "Scoir an India".
I mí na Nollag 1946 a toghadh mar Uachtarán ar Chomhthionól Bunreachta na hIndia é. Mar Uachtarán agus mar chathaoirleach ar cheithre choiste thábhachtacha, bhí Prasad chun tosaigh agus an bunreacht nua á dhréachtú thar na trí bliana ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an Bunreacht i bhfeidhm i mí Eanáir 1950, toghadh mar an gcéad Uachtarán ar an India é agus atoghadh é ag an gcéad gnáththoghchán uachtaránachta sa bhliain 1952 agus ag an dara ceann sa bhliain 1957. Níor lorg sé an tríú téarma.[2]
Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Agus é ina Uachtarán, dhearbhaigh Prasad go raibh an oifig neamhspleách ar pholaitíocht pháirtí agus os a cionn, mar a bhí beartaithe ag údair an Bhunreachta, cé go raibh roinnt teannais idir an Uachtarán agus an Príomh-Aire Nehru, go háirithe maidir leis na hathchóirithe ar dhlí phearsanta na Hiondúch a achtaíodh i dtreo dheireadh an chéad thréimhse iomlán a bhí aige mar Uachtarán.
Chuir traidisiúnaithe amhail Prasad in aghaidh na n-athruithe sin agus cheistigh An tUachtarán an raibh mandáid ag an gComhdháil athruithe mar sin a dhéanamh, a mbeadh tionchar forleathan acu ar chreatlach shaol na Hiondúch, go mór mór ó thaobh stádas na mban de.
Cuireadh ar Nehru géilleadh ar ghnéithe áirithe, agus d'éirigh An tAire Dlí agus Ciry, B.R. Ambedkar, as dá bharr sin, ós rud é go raibh sé chun tosaigh i bhfabhar na n-athchóirithe.[2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ India Today Web Desk New DelhiDecember 3, 2016UPDATED: September 4, 2017 12:58 Ist. "Remembering India's first President: 10 facts about Dr Rajendra Prasad" (en). India Today. Dáta rochtana: 2022-02-28.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Rajendra Prasad". Dáta rochtana: 2022.