Raidhfil uathoibríoch Browning

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meaisínghunna éadrom gásfhuinnmhithe a dhear an gabha gunnaí Meiriceánach John Moses Browning (1855-1926) i 1917. Táirgeadh i gcuid mhaith tíortha é go dtí na 1950idí. Raon 600 m a bhí aige agus piléarlann 20 urchar.