Radovan Karadžić
Radovan Karadžić Радован Караџић | |
![]() | |
Radovan Karadžić sa bhliain 1994 | |
1ú Uachtarán ar an Republika Srpska
| |
In oifig 7 Aibreán 1992 – 19 Iúil 1996 | |
Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
Comharba: | Biljana Plavšić |
Dáta breithe | 19 Meitheamh 1945 |
Áit bhreithe | Petnjica, PSF na Iúgslaive |
Páirtí | SDS |
Gairm | Síciatraí |
Céile | Ljiljana Zelen-Karadžić |
Síniú![]() |
Iar-pholaiteoir, file agus síciatraí Serbiach is ea Radovan Karadžić (Seirbis Choireallach: Радован Караџић). Rugadh é ar an 19 Meitheamh 1945 i bPetnjica, Poblacht Shóisialta Mhontainéagró, Poblacht Chónaidhme Shóisialta na hIúgslaive).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Karadžić ina uachtarán ar an chéad rialtas Boisniach-Seirbiach, agus b'eisean a bhí i gceannas i rith an Chogaidh Bhoisniach idir na blianta 1992 agus 1995.
Mar gheall ar an gcinedhíothú a tharla in Srebrenica sa bhliain 1995 agus coireanna chogaidh eile a rinneadh le linn an chogaidh sin, sa bhliain 1995 d’ordaigh breitheamh ó Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv go dtabharfaí os comhair Chúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig é in éineacht le Ratko Mladić,
Ceann Foirne Arm Republika Srpska nó an t-Arm Boisniach Seirbiach.
Mar thoradh ar sin chaith sé na blianta idir 1995 agus 2008 ar a sheachaint ó na húdaráis. Chaith sé roinnt ama ag obair i mBéalgrád faoin ainm bréige Dragan Dabić sular gabhadh é ar 21 Iúil 2008.
Tugadh chun trialach é sa Háig maidir le coireanna cogaidh. Tá sé faoi ghlas ó shin.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ratko Mladich
- Zdravko Tolimir
- Sléacht Srebrenica
- Slobodan Milošević
- An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv
- Ciontuithe
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |