Raidió Fáilte
Sonraí | |
---|---|
Cineál | stáisiún raidió |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 15 Meán Fómhair 2006 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Suíomh gréasáin | raidiofailte.com |
Is craoltóir raidió i mBéal Feirste é Raidió Fáilte. Bunaíodh an stáisiún sna hochtóidí, ach ag an am sin, ní raibh cead bainte amach ag an stáisiún craoladh go dleathach. Leanadh ar aghaidh leis ar aon chuma. Bhí sé á chraoladh ón gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál in iarthar na cathrach.
Sa bhliain 2006 thug OFCOM cead buan oifigiúil don stáisiún craoladh, don chéad uair riamh.
Craolann an stáisiún cuid mhaith chláir éagsúla, don aos óg agus aosta, mar shampla nuacht, cúrsaí pobail, ceol de gach chineál, agus neart eile. Bíonn sé ar fáil i mBéal Feirste ar 107.1 FM, agus tá sé ar fáil ar fud an domhain mhór, trí mheán an idirlín, ó mhí na Bealtaine 2007 ar aghaidh.
I mí Dheireadh Fómhair 2018 osclaíodh foirgneamh nua Raidió Fáilte idir Bóthar na bhFál agus an Mótorbhealach an Westlink.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin Raidió Failte
- Culturlann.ie - Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach
- CRAOL | The Community Radio Forum of Ireland / CRAOL | Fóram Raidió Pobail na hÉireann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin raidió é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |