R.D. Laing (síciatraí)
R.D. Laing | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Glaschú, 7 Deireadh Fómhair 1927 |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Bás | Saint-Tropez, 23 Lúnasa 1989 |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach) |
Muintir | |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Ghlaschú |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | lia mileata, síciatraí, physician writer (en) ![]() ![]() |
Saothar iomráiteach | The Divided Self (en) ![]() |
Daoine le tionchar air/uirthi | Jean Paul Sartre |
Seirbhís mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
IMDb | nm1775456 |
Bhí Ronald D. Laing, nó R.D. Laing de ghnáth, ina shíciatraí clúiteach sa Bhreatain (7 Deireadh Fómhair 1927 i nGlaschú - 23 Lúnasa 1989).
A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis dintiúir i leigheas agus síciatracht a bhaint amach, d'oibrigh Laing san arm agus i ndiaidh sin in Ollscoil Ghlaschú go dtí gur fostaíodh é mar shíciatraí sa Tavistock Clinic i Londain.
Ceann de na rudaí ab aistí agus ba cheannródaí dá ndearnadh sé ná go ndeachaigh sé ag cónaí le hothair a bhí buailte le scitsifréine ar feadh tréimhse sách fada i dteach i Londain sa bhliain 1965. Rinneadh scannáin faoin eachtra seo sa bhliain 1972 ar a dtugtar Asylum (Tearmainn).
Sa bhliain chéanna, 1965, bhunaigh sé an Philadelphia Association leis an sprioc chun comhar leighis a chuir ar ghealtaigh i dtithe sábháilte sa chaoi nach mbeadh gá le cúraim dóibh in ospidéil síciatracha.
Fuair sé bás go tobann agus é ag imirt leadóige i St. Tropez san Fhrainc sa bhliain 1989.
A Chuid Oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhain an chuid ba chlúití dá chuid oibre le tréan iarracht an mhistéir a bhaineas le na tinneas inchinne troma a dhíbirt. Bhí sé den tuairim go raibh na tinnis seo intuigthe i gcomhthéacs saoil, sa chaidreamh teaghlaigh agus sa tsochaí ina raibh an t-othar suite.
Scríobh sé roinnt mhaith leabhar ar an ábhar seo - ina measc, The Divided Self, 1960 (An Duine Féin Roinnte) agus The Politics of Experience, 1967. (Polaitíocht na Taithí).
Thug an síceaolaí clúitach Albanach, R.D. Laing (1927-1989) cuairt ar Cheanada cúpla bliain sula bhfuair sé bás.[1] Rinneadh físthéipeáil ar na ceardlanna agus seimineáir a thug sé. Thug sé cur síos ar eachtra amháin mar seo a leanas: lá amháin bhí sé ag roinnt scéalta greannmhara le hothar a bhí faoin chúram don dúlagar. Ag deireadh na gcaoga nóiméad léim an t-othar go sona i dtreo an dorais, chomh sásta le píobaire, ansin stop sé amhail is dá mbeadh mearbhall air, chas ar ais chuig Laing agus, ag smaoineamh go b’fhéidir nach bhfuair sé luach a chuid airgid, dúirt, “Ach tháinig mé anseo chun labhairt faoi mo dhúlagar!”, agus d’fhreagair Laing leis, “Smaoinigh air seo: cá raibh do dhúlagar don chaoga nóiméad a fhad is a dhríomar ar rud éigin eile?”[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 An Dr. Gerard Blanche / ncge.ie (2014). "https://www.ncge.ie/sites/default/files/resources/NCGE-PP-Self-Care-Calm-Living-GA.pdf". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-23. Dáta rochtana: 2021.