Jump to content

Róthurasóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Mona Lisa sa Louvre
Trá sa Téalainn, 2013[1]

Tháinig borradh ollmhór faoin turasóireacht timpeall an domhain sna 2020idí, a luaithe a bhí an phaindéim COVID-19 thart. Tugtar róthurasóireachtollturasóireacht air go minic.

Le blianta beaga anuas, tá pobail ar fud an domhain ag clamhsán faoin líon turasóirí a bhíonn ag tarraingt ar chathracha agus ar áiteacha eile a mbíonn gnáthdhaoine ina gcónaí iontu. Tá sé éasca anois turas gearr a dhéanamh ar láithreacha a mbíodh an-dua ag baint le cuairt a thabhairt orthu tráth.[2] I gcuid de na hionaid is mó turasóireachta ar domhan, tá muintir na háite inniu ag cur i gcoinne fás na turasóireachta go fíochmhar. Deir cuid acu nach féidir leo maireachtáil leis na sluaite daoine a bhíonn ag dul thart orthu, chuile lá. Agus mar bharr ar an donas, ina lán áiteanna ní chaitheann na turasóirí céanna pingin ar bith.

Sna 2020idí san Eoraip agus áiteanna eile, chuaigh an ghéarchéim thithíochta in olcas, agus cuireadh an milleán go minic ar an róthurasóireacht. Ní raibh na cathracha ar nós na Veinéise, Barcelona agus Dubrovnik in ann dul i ngleic leis na sluaite turasóirí a thagann chucu gach bliain.

Thosaigh na háitritheoirí ag cur ina gcoinne in áiteacha amhail na hOileáin Chanáracha, Barcelona, Ibiza agus Liospóin. I mBarcelona, scaoil siad sruthanna uisce as ‘gunnaí’ ar na turasóirí,

  • I mí Iúil 2024 i mBarcelona, chaith daoine sa chathair uisce ar thurasóirí agus ag fógairt orthu glanadh amach as an áit. Dar leo, tá an chathair millte ag an líon turasóirí a bhíonn ann gach aon lá den mbliain. Creideann muintir áirithe gurb iad na turasóirí is cúis leis an easpa lóistín atá sa chathair agus an mórchostas a leanann a leithéid d’éileamh.
  • I gcathair Genova in 2025, tharraing an lucht agóide bád mór cairtchláir trí na sráideanna chun a thaispeáint nach raibh dóthain spáis ann di.[3]
  • In 2026, cuireadh srian ar an líon daoine a ligtear isteach le breathnú ar Fhuarán Trevi, i gceartlár na Róimhe.[2]

Tá sé deacair aon leigheas a fheiscint ar an scéal faid is atá saorchead taistil ann agus nach bhfuil an taisteal costasach ar chor ar bith.

  • I gcathair na Veinéise sa bhliain 2024, thosaigh bardas na cathrach ag gearradh táille ar na cuairteoirí a théann isteach sa chathair.[4]
  • Tugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos san Aigéan Ciúin gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh orthu (in 2024) in iarracht an ghnáthóg speisialta sin a chosaint.
  • Sa bhliain 2024, ní ceadaítear do níos mó ná ceithre mhíle duine sa lá, turas a thabhairt ar Shliabh Fuji agus gearrtar táille 2000 yen (€11.59) an duine orthusan.[4]

Chun dul i ngleic le fadhb na róthurasóireachta, d’fhorbair na húdaráis in Amstardam straitéis : na turasóirí a mhealladh amach as lár chathair Amstardam agus iad a mhealladh chuig ceann de na cathracha eile máguaird (mar shampla, an mhaidin a chaitheamh ag breathnú ar phéinteálacha in Delft, an tráthnóna ag spaisteoireacht trí chathair dhúchais Rembrandt, Leiden, cuairt lae ar an HáigRotterdam srl).[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Clár FíorScéal, TG4, Samhain 2019. Cuirfear Méaraí, saineolaithe turasóireachta, gníomhaithe polaitíochta agus áitritheoirí na gcathracha atá siar leis an róthurasóireacht faoi agallamh.
  1. Alice Pegonzi (2021-05-06). "Solutions to Overtourism: Tips for a More Sustainable Tourism" (en-US). Ecobnb. Dáta rochtana: 2024-07-23.
  2. 1 2 Mairéad Ní Nuadháin (13 Feabhra 2026). "Fadhbanna móra á gcruthú ag an ‘ollturasóireacht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-13.
  3. Ashifa Kassam (2025-06-15). "Campaigners mount coordinated protests across Europe against ‘touristification’" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2026-02-13.
  4. 1 2 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (23 Iúil 2024). "Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-23.
  5. Alex Hijmans (11 Bealtaine 2022). "TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Fadhb na róthurasóireachta ag dul in olcas agus ní in Amsterdam amháin é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-23.