Easpa dídine
Easpa dídine atá ann nuair a mbíonn daoine gan dídean, nó gan teach gan treibh.[1]
Fadhbanna ár linne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceann de mhórfhadhbanna ár linne is ea líon na ndaoine in Éirinn atá gan dídean.[2] Go ginearálta, is féidir a mheas go bhfuil daoine gan dídean más rud é go bhfuil siad:[3]
- Ag codladh amuigh
- Ag fanacht i mbrú éigeandála nó i dtearmann
- Ag fanacht i dteach lóistín nó i gcóiríocht óstáin go sealadach
- Ag fanacht go sealadach le cairde nó le teaghlach mar nach bhfuil aon áit eile le dul agat
- Ag suiteoireacht (ag áitiú foirgnimh go neamhdhleathach)
Droch-chomhartha ar shochaí chothrom iad na daoine gan dídean. “Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb na ndaoine gan dídean”.[4]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i mBÁC is mó atá an fhadhb ach tá sí le feiceáil in áiteanna eile in Éirinn chomh maith (bhí 73% de dhaoine gan dídean i mBÁC de réir Daonáireamh 2016 de chuid an CSO)[5]. In Éirinn, is féidir údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh siúd atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean.[6]
Torthaí Dhaonáireamh 2016
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar léargas sa tuarascáil"Daoine gan dídean in Éirinn" de chuid an CSO ar easpa dídine agus aird tugtha ar athróga éagsúla ar nós inscne, aois, stádas pósta, oideachas, obair, sláinte agus náisiúntacht i measc an daonra gan dídean.[7]
- Aois mheánach ní b’óige i measc daoine gan dídean ná sa daonra ginearálta
- Sciar ní ba mhó daoine scartha/colscartha i measc daoine gan dídean
- Teaghlaigh gan dídean: Áiríodh 896 teaghlach sa daonra gan dídean le 2,968 duine aonair iontu seo,
- Daoine gan dídean i mbun oibre/dífhostaithe/i mbun staidéir/ar scor: As an 5,212 duine gan dídean in aois 15 bliana nó os a cionn a bhí ann anuraidh, bhí 2,915 díobh (56%) sa lucht saothair, agus 899 den dream sin (31%) i mbun oibre. Bhí an 2,016 duine (69%) eile dífhostaithe nó sa tóir ar a chéad phost.
- Seans ní ba lú cáilíocht leibhéal sinsearach a bheith ag daoine gan dídean. Ó thaobh oideachas de, áiríodh 1,606 duine gan dídean (38%) nach raibh cáilíocht oideachasúil os cionn leibhéal iar-bhunscoile sóisearaí, i gcomparáid le 27% den phobal i gcoitinne.
- Náisiúntachtaí. Astu siúd a chur a náisiúntacht in iúl, ba náisiúnaigh choigríocha iad 14% de dhaoine gan dídean, i gcomparáid le 11.6% den phobal i gcoitinne.
- Sláinte ní ba mheasa agus ráta ní b’airde míchumais i measc daoine gan dídean. Níor bhraith ach 62% de dhaoine gan dídean go raibh sláinte mhaith nó an-mhaith acu, i gcomparáid le 87% den daonra iomlán.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): homeless" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ Daoine gan Dídean - aiste. "COGG | Sonraí Acmhainní". tairseachcogg.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ Citizensinformation.ie. "Easpa dídine agus an ceart chun tithíochta" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (DF 2002). "Neamhaird á tabhairt ar dhaoine gan dídean" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ "https://twitter.com/CSOIreland/status/895965442002616320?s=20" (ga). X (formerly Twitter). Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ "Faisnéis agus Comhairle Easpa Dídine | Tipperary County Council". www.tipperarycoco.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ CSO (2016). "Daonáireamh 2016: Próifíl 5 - Daoine gan dídean in Éirinn - CSO - Central Statistics Office". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.