Ríthe Shliabh Lugha
Cuma
(Athsheolta ó Ríthe Sliabh Lugha)
Bhíodh Ríthe Shliabh Lugha i réim i dtuath Shliabh Lugha, Gailenga ó dhúchas go dtí an 12ú haois, suite i gContae Mhaigh Eo an lae inniu.
Clann Uí Ghadhra ba ea rítheaghlach Sliabh Lugha. Ríthe Luíne Chonnacht ba ea a sinsear. Ard-ríocht a bhí i Luíne Chonnacht, agus Gailenga/Sliabh Lugha sa deisceart, agus an ceantar ó thuaidh, suite i gContae Shligigh, aitheanta mar Luíne.
Tar éis choncas chúige Chonnacht ag na hAngla-Normannaigh, aitheanta mar barúntacht Ghaileang a bhí an ceantar, faoi cheannas chlann Mhic Shiúrtáin go dtí an 17ú haois.
Ríthe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- AU 1181.7: Donn Sléibhe Ó Gadhra (I), rí Sleibe Lughu, d'éag
- ACM 1206.8: Ruairí Ó Gadhra (I), ticcerna Slebhe Lugha, d'éag
- ACM 1217.4: Domhnall Ó Gadhra, d'éag
- ACM 1227.6: Donn Sléibhe Ó Gadhra (II), do mharbhadh don Ghiolla Ruadh mac a dearbrathar fén
- ACM 1256.7: Ruairí Ó Gadhra (II), tigherna Slebe Lugha do mharbhadh la Dabid mac Riocaird Cúisin
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 3
- Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, 3ú heagrán, 2001, ll. 68–9, 88, 101n., 132–3, 231, 233, 249, 291.
- Denis Walsh, Corca Fhir Trí