Ruairí Ó Gadhra (II)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuairí Ó Gadhra
Beathaisnéis
Bás1256 (Féilire Ghréagóra)

Rí Shliabh Lugha agus Ceann na Fine ea Ruairí Ó Gadhra (bás 1256).

Le linn saol Ruairí, cloíodh críocha Shliabh Lugha ag Sirriam chúige Chonnacht, Jordan de Exeter (bás 1258), sinsear chlann Mhic Shiúrtáin. As sin amach, glaodh Tír Mhic Shiurtáin ar an gceantar, agus níos deireanaí fós, bunaíodh barúntacht Gaileang ann.

De bharr seo uile, cuireadh an ruaig ar chlann Uí Ghadhra ó thuaidh go Cúil Ó bhFinn, Contae Shligigh.

Faightear roinnt iontráil i nAnnála na gCeithre Máistrí maidir le clann Uí Ghadhra le linn réimeas Ruairí:

Coccadh mor do eirghe h-i c-Connachtaibh etir da mhac Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. etir Aodh & Toirrdhealbhach, iar marbhadh an Aodha remraite, ar ní thucc an mac bá só umhla don mac ba sine gur millseat Connachta eatorra & ro fásaigheadh leó ó Eass Dara co h-abhainn Ua f-Fhiachrach fo dhes acht madh beacc h-i Sleibh Luccha, & Lucht Airtigh nama
Cogadh mór d'éirigh i gConnachta idir beirt mhac Ruairí Uí Chonchúir, Aodh agus Toirdhealbhach, tar éis mharú an Aodha réamhráite, óir níor thug an mac níos óige umhla don mhac níos sine gur mhilleadar na Connachta eatarthu, agus fásaíodh leo ó Eas Dara go habhainn Uí Fhiachrach ó dheas, ach cuid bheag i Sliabh Lugha agus Lucht Airtigh.
  • ACM 1228.4: Muirchertach mac Flaithbeartaicch Uí Fhlannaccáin do mharbhadh la macaibh Taidhg Uí Gadhra.
  • ACM 1237.9: Creach do denamh lá Concobair mac Corbmaic for Ruaidhri Ua n-Gadhra, & brathair Ruaidhri do mharbhadh.
  • ACM 1241.8: Tadhg mac Ruaidhri Uí Gadhra d'écc.

Sa bhliain 1256, Ruaidhri do mharú la Dabid mac Riocaird Cúisin .[1] Ádhamh Cúisín, scríobhaí, gineolaí agus thiomsaitheoir Leabhar Uí Mhaine, a mhair c. 1400, ba ea dá mhuintir.

Tháinig Ruairí Ó Gadhra (III) i gcomharbacht ar Ruairí.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ACM 1256.7
Réamhtheachtaí
Donn Sléibhe Ó Gadhra (II)
rí Shliabh Lugha
1227?-1256
Comharba
Ruairí Ó Gadhra (III)