Réamh-Chaimbriach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

An ré gheolaíoch roimh an ré Phailéasóch, agus an ré is ársa sa réamhstair, ag tosú le cruthú an Domhain. Thóg an idirlinn 4,000-590 milliún bliain. Fo-roinntear an ré seo anois i dtréimhse Aircéach ar dtús is an tréimhse Phrótarasóch ansin. Aon fhianaise lag den bheatha a fhaightear sa ré seo, is beatha aoncheallach den chuid is mó í. Cruthaíodh screamh sheachtrach an Domhain le linn na ré seo, is carraigeacha Réamh-Chaimbriacha a fhreagraíonn thar fhairsingí ollmhóra i lár na n-ilchrioch.