Réalteolaíocht infridhearg
Cuma
Staidéar ar réada neamhaí de réir a radaíochta sa raon tonnfhad 1,000 nm - 1 mm. Cuireann ionsú tonnfhad sa raon seo ag galuisce san atmaisféar isteach ar an obair seo. Réitítear cuid de na fadhbanna seo le réadlanna arda, cosúil leis an réadlann ar shliabh Mauna Kea ag airde 4,000 m, nó teileascóp atá fuaraithe go crióigéineach ar spásárthach. Astaíonn cuid mhaith réad an chuid is mó dá radaíocht sa raon infridhearg. Tá an réalteolaíocht seo tagtha chun cinn ó thaobh tábhachta de trí fhorbairt na n-eagarbhrathadóirí íomháithe don infridhearg.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht infridhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 553.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |