Pól Ó Muirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPól Ó Muirí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, eagarthóir nuachtáin Cuir in eagar ar Wikidata

Is file, iriseoir leis an Irish Times, iar-eagarthóir ar Comhar agus scríbhneoir é Pól Ó Muirí (a rugadh sa bhliain 1965).

Óige agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Ó Muirí in iarthar Bhéal Feirste. Ag an am sin, dar leis, "bhí Béal Feirste scoilte idir thiar, thoir, thuaidh agus theas. Ceithre bhaile bheaga a bhí ann ar bhealach" mar gheall ar na Trioblóidí."[1] Ní raibh sé báúil leis an IRA riamh, áfach.[1]

D’fhreastail sé ar bhunscoil i mBaile Andarsan agus ansin ar mheánscoil na mBráithre Críostaí ar Bhóthar an Ghleanna. Is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge agus é aon bhliain déag d'aois. Thug sé cuairt ar Mhín an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill: “Sin an t-am [a deir sé] ar thuig mé den chéad uair go dtiocfadh le duine an teanga seo a labhairt mar theanga bheo, agus thuig mé gur mhaith liomsa í a labhairt”.

Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht in Ollscoil na Ríona, agus Ph.D sa Léann Ceilteach ina dhiaidh sin.

Le linn na tréimhse seo bhíodh Ó Muirí ag scríobh píosaí d'fhoilseacháin mar Comhar, An tUltach, agus Fortnight agus do Raidió Uladh. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na Liathróide Láimhe in Ollscoil na Ríona freisin, agus é an-tugtha don spórt.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó an ollscoil a fhágáil thosaigh Ó Muirí ag obair le Fortnight Educational Trust mar eagarthóir agus agus é ag foilsiú forlíonta a bhain le cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha.

Is é atá mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times. Thosaigh sé ag obair don Irish Times i lár na nóchaidí, ag scríobh corralt do “Beocheist”. Liam Ó Muirthile a bhí ina eagarthóir Gaeilge ann agus Uinsionn Mac Dubhghaill ina dhiaidh sin: ghlac Ó Muirí an post i ndiaidh Mhic Dhubhghaill. Scríobhann sé colún don Irish Times (agus bhí sé ag scríobh don nuachtán Foinse).

Cumann sé drámaí raidió agus píosaí eile. I mí na Nollag 2008 ghlac sé post mar eagarthóir sealadach ar an iris Comhar.

Uaireanta bíonn sé "dian go leor" ar eagraíochta mar Fhoras na Gaeilge agus "an-chriticiúil maidir le rudaí áirithe agus le “Saol na Gaeilge' go ginearálta".[1]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

agus go leor eile.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Caoimhe Ní Laighin (Aibreán 2005). "Pól Ó Muirí" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-04-13.
  2. "Siopa | Litríocht" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-03.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]