Páistí an Chinn Chaoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharPáistí an Chinn Chaoch
FotheidealThe Autobiography of a Navvy Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálleabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPatrick MacGill Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1914 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-84-158000-5 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Paistí an Chinn Chaoch an leagan Gaeilge den leabhar Béarla dar theideal Children of the Dead End: The Autobiography of an Irish Navvy le Patrick MacGill (Pádraig Mac a' Ghoill).

I réamhrá an leabhair, sa bhliain 1914, scríobh an t-údar Pádraig Mac a' Ghoill an méid seo a leanas (i mBéarla); Sna leathanaigh seo a leanas anseo tá iarracht déanta agam scéal an náibhí a inse: an cineál saoil a chaitheann sé, na dainséir ina mbíonn sé, agus mar a bhíonn a bhás go minic. Tá mórán den scéal s'agamsa bunaithe ar daoine a raibh aithne agam orthu. Is gnáth-dhaoine iad Seòsamh an Mhuilscín & Dónall Rua, agus casadh orm iad ar oibreacha dainséartha nó i dtithe bréana aíochta... caithfear a rá gur tháinig mé tríd na h-eachtraí uile atá scríofa anseo, beagnach.

D'fhás Pádraig Mac a' Ghoill suas i dTír Chonaill ag deireadh na naoú h-aoise déag. Bhí an saol iontach crua de bharr leatrom na dtiarnaí talún, cumhacht na cléire, agus saibhreas na dtoicí móra. B'éigean dó dul ag obair mar sclabhaí feirme agus é ina ógánach fós, agus ba ghairid gur thug sé aghaidh ar Albain. D'oibrigh se ina náibhí in áiteacha éagsúla ansin, obair an-mhaslach faoi dhroch-chúinsí.

Cruthaíonn a leabhar clasaiceach 'Children of the Dead End', a foilsíodh den chéad uair i 1914, pictiúr den saol sin dúinn. Tá léargas ann ar thréithe na ndaoine, ar an drochdhóigh ar caitheadh leo, agus ar an chaidreamh eatarthu. Cé gur dhoiligh dóibh é sheas cairde le chéile agus mhair an grá ina measc. Baineann an scéal críoch chorraitheach amach, de barr grá do chailín Éireannach a cuireadh dá treoir.

Nuair nach bhfuair sé oiliúint ar bith i léamh ná scríobh a theanga féin, ní i nGaeilge a scríobh Pádraig Mac a'Ghoill. Ach a bhuíochas ar Mhícheál Mac Giolla Easbuic, anois tá 'Páistí an Chinn Chaoch' le fáil againn féin.

Mícheál Mac Giolla Easpuic a chuir an leabhar in eagar. An comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a d'fhoilsigh an leabhar. Clúdach: Bun an Easa, le Plunkett Smith Tá 310 leathanach sa leabhar agus cosnaíonn sé 15 Euro.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]