Pussy Riot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPussy Riot
lang=ga
(2012) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómóspit agus círéib Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna
comharghrúpa gníomhaí ar son chearta na mban Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2011, Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
30 Iúil 2012-23 Nollaig 2013Pussy Riot trial (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2011 –  2015
SeánraPunc-rac, taibhealaín, riot grrrl, punc crua, Oi! agus popcheol Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinpussyriot.love Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm5706829 Facebook: wearepussyriot Twitter: pussyrrriot Instagram: pussyriot Youtube: UCQYcCfKYfYMcuCsem8z5CyQ Bandcamp: pussyriot Souncloud: pussy-riot Spotify: 2hThsqaVEAWhWPBXnaOfB9 iTunes: 515935989 Last fm: Pussy+Riot Musicbrainz: 631e3bc5-428a-432b-87f7-5d357a007fc0 Songkick: 5387358 Discogs: 2823210 Allmusic: mn0002988911 Deezer: 4398019 Cuir in eagar ar Wikidata
Pussy Riot sa Chearnóg Dhearg i Moscó

Is banna rac-cheoil Rúiseach feimineach é Pussy Riot a chasann punc-rac, mar agóid de ghnáth. Tá siad lonnaithe i Moscó. Cuireadh an banna ar bun sa bhliain 2011, agus go dtí seo tá timpeall is 11 bean a bhí nó atá páirteach ann,[1] ó 20 go 33 bliana d'aois.[2] Tá roinnt "treall-léirithe" curtha i gcrích acu in áiteanna poiblí neamhghnácha agus a bhí gríosaitheach, gan chead agus curtha ar an Idirlíon ina dhiaidh sin i bhfoirm físeán ceoil.[3] Ar na téamaí liriceacha acu tá feimeanachas, cearta LADT, agus a gcur i gcoinne Vladimir Putin, uachtarán géagláidir na Rúise.[2] Cuireann siad a spotsholas ar an gceangal idir Putin agus ceannairí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise.[4]

Ar 21 Feabhra 2012, rinne cúigear den ghrúpa stáitiú ceoil in Ardeaglais Chríost Slánaitheoir i Moscó.[5] Sa deireadh chuir oifigigh slándála de chuid na heaglaise críoch leis an léiriúchán. Mhaígh na mná go raibh siad ag agóid i gcoinne an tacaíocht a thug an Eaglais Cheartchreidmheach do Putin le linn a fheachtas toghcháin. Ar 3 Márta 2012, gabhadh beirt den ghrúpa, Nadezhda Tolokonnikova agus Maria Alyokhina, agus cuireadh amhasóireacht ina leith. Gabhadh duine eile ón ghrúpa, Yekaterina Samutsevich, ar 16 Márta. Séanadh bannaí dóibh, agus coimeádadh faoi ghlas iad gur thosaigh a dtriall go déannach i mí Iúil. Ar 17 Lúnasa 2012, ciontaíodh an triúr i gcoir "na hamhsóireachta agus í spreagtha ag fuath reiligiúin", agus gearradh dhá bhliain príosúnachta an duine orthu.[6][7][8] Ar 10 Deireadh Fómhair i ndiaidh achomhairc i gcoinne na breithe, ligeadh Samutsevich saor ar promhadh agus an bhreith ina coinnese curtha ar fionraí. Sheas an chúirt le breith an bheirt bhan eile.[9]

Cáineadh na breitheanna i gcoinne Pussy Riot go forleathan ar fud an domahin,[10] san Iarthar go háirithe. Sheas grúpaí cearta daonna mar Amnesty International an fód ar son na mban; "príosúnaithe coinsiasa" a thug AI orthu.[11]. Thug lucht an cheoil agus na siamsaíochta tacaíocht dóibh.[12] Ní rabhthas chomh báúil leis na mná sa Rúis féin, áfach, agus an tríú cuid de na Rúisigh i bhfabhar bhreith na cúirte.[13][14] ar 13 Nollaig 2013, i ndiaidh 21 mí dá bpríosúnacht a chur isteach, ligeadh Tolokonnikova agus Alyokhina saor, tar éis do Duma an Stáit maithiúnas a mholadh.[15]

I mí Feabhra na bliana 2014, fógraíodh i ráiteas gan ainm ach ar son ball den ghrúpa nach raibh Alyokhina agus Tolokonnikova ina baill de a thuilleadh.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Pussy Riot dig claws into Putin". Financial Times.
  2. 2.0 2.1 "Pussy Riot: will Vladimir Putin regret taking on Russia's cool women punks?".
  3. "A Russian Pussy Riot". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Lúnasa 17, 2016. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  4. "Putin's message: if you're pro Pussy Riot you're against the Orthodox church". The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meitheamh 21, 2013. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  5. Teimpléad:Cite video
  6. "Pussy Riot sentenced to two years in jail". RT. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Nollaig 20, 2016. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  7. "Pussy Riot found guilty of hooliganism by Moscow court". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Samhain 25, 2016. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  8. "Pussy Riot sentenced to two years in prison colony over anti-Putin protest". The Guardian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Lúnasa 21, 2012. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  9. "Pussy Riot member Samutsevich sentence reduced to probation". RAPSI News. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Eanáir 31, 2017. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  10. According to BBC Monitoring, in the worldwide press there was 'almost universal condemnation' of the two-year sentence imposed on the three members of the group. "Press aghast at Pussy Riot verdict". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meán Fómhair 14, 2017. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  11. "Russia: Release punk singers held after performance in church". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Márta 25, 2016. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  12. "Adele, U2, Madonna, Yoko Ono, Radiohead, Patti Smith, Bruce Springsteen, Ke$ha, Sir Paul McCartney and Sting unite with more than 100 Musicians to call for release of Pussy Riot". Amnesty International.
  13. "Россияне о деле Pussy Riot" (Russian). Cartlannaíodh an bunleathanach ar Deireadh Fómhair 12, 2015. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  14. "Треть россиян верит в честный суд над Pussy Riot" (Russian). Cartlannaíodh an bunleathanach ar Lúnasa 24, 2012. Dáta rochtana: Nollaig 7, 2016.
  15. "Freed Pussy Riot members call Russia amnesty a PR stunt".