Plasma cuarc/glúón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é rud is plasma cuarc/glúón ann ná staid damhna a chuimsíonn gás (plasma) cuarc saor is glúón. De ghnáth bíonn cuairc, a chomhdhéanann cáithníní fo-adamhacha cosúil le prótóin is neodróin, nasctha le chéile gan cead a bheith saor ón meicníocht nasctha. Bíonn na glúóin, a iompraíonn an fórsa láidir a choinníonn na cuairc le chéile, teorannaithe mar an gcéanna. Ach de réir teoiric idirghníomhaithe na gcuarc is na nglúón (crómaidinimic chandamach), má bhíonn an teocht is an brú ard a dhóthain, ní fhanann na cuairc is na glúóin taobh istigh de theorannuithe na staideanna comhghnásacha ach foirmíonn plasma cuarc is glúón saorghluaiseachta. Tá fianaise ar a leithéid de phlasma i dtorthaí imbhuailtí tromnúicléas i CERN sa Ghinéiv (1997, 2000). Samhlaítear go raibh plasma cuarc/glúón ann díreach i ndiaidh na hOllphléisce.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Plasma cuarc/glúón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 525.