Plé Vicipéide:Riarthóirí

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cabhair. Antóin anseo. An féidir duine daoibh mo phasfhocal a athshocrú? Níl rioahphost curtha isteach ariamh. le buíochas

Liosta riarthóirí[athraigh foinse]

Chun iarraidh a bheith id' Riarthóir[athraigh foinse]

Hoopydink[athraigh foinse]

Seo tá b’fhéidir ró go luath, ach tá me toilteanach go cúnaigh le foirgneamh Vicipéid. Eispéaras ar Béarla Vicipéid. Hoopydink 12:24, 30 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Evertype[athraigh foinse]

Bheadh mise sásta bheith i mo chomhriarthóir, más féidir liom cabhrú leat, a Ghabriel. Evertype 18:40, 17 Oct 2004 (UTC)

  • Votáilím do Evertype. Tá na scileanna aige an suíomh a neartú. - Dalta 21:37, 22 Bea 2005 (UTC)
  • Votáilím ar son Evertype --Breandán 17:55, 1 Mei 2005 (UTC)
  • Tugaim vóta ar son Evertype - tá sé ag obair le fada agus go dílis linn.Meabhar 14:54, 8 Mei 2005 (UTC)
Rinneadh oibreoir córais de Evertype ar an 21 Meitheamh 2005. Féach ar m:Requests_for_permissions. --Gabriel Beecham 12:09, 23 Mei 2005 (UTC)
Go raibh maith agat. Cad is féidir linn a dhéanamh leis an gcomhéadan, mar sin? Evertype 12:36, 23 Mei 2005 (UTC)

Meabhar[athraigh foinse]

Bheinn buíoch dá bhféadfaí mé a cheapadh im´ riarthóir. Táim ag scríobh go fairsing ar an Vicipéid ó dheireadh Iúil 2004, agus tá fonn orm leanúint de, agus comhoibriú ar an oideasra agus ar na treoracha. Tá cuid mhór dem´ chuid alt faoim' ainm, Meabhar, agus déanaim obair go minic ar fud an suímh ag ceartú, go háirithe i gcúrsaí gramadaí, foclaíochta agus úsáid na teangan. Meabhar 20:57, 18 Oct 2004 (UTC)

A Gabriel, an bhféadfainn bheith im´ riarthóir, chun cuidiú le treoir, oideasra, srl a chur i gceart. Meabhar 22:16, 4 Nov 2004 (UTC)

A Gabriel, an bhféadfá freagra a thabhairt dom´ iarratas ar mo lch plé, led´ thoil. Fuaireas fógra go raibh focal faire nua agam, ach nílim cinnte an comhairthe é seo gur riarthóir anois mé. Le dea-mhéin. Meabhar 08:16, 8 Nov 2004 (UTC)

Féach ar meta:Requests_for_permissions#Gaeilge Wiki Admin problem
  • Votálaíonn mé do Mheabhar. Duine an-ábalta is ea é. - Dalta 21:37, 22 Bea 2005 (UTC) Ag baineadh amach mo vóta ar son Meabhar, toisc nach bhfuil fíor-mhuinín agam air, is dócha gur athróidh mé mo vóta siar i gceann tamaill. - Dalta 23:01, 23 Mei 2005 (UTC)
  • Ba bhaith liom mo vóta a thabhairt do Meabhar--Breandán 18:12, 1 Mei 2005 (UTC)
  • Tugaim vóta ar son Mheabhar. Is léir cén fáth --Happy 19:57, 8 Mei 2005 (UTC)
  • Is oth liom a rá go dtugaim vóta i gcoinne Meabhair i láthair na huaire. Níl meas aige ar téarmeolaíocht chaighdeánach, agus ní raibh sé béasach nuair a tharla argóint as ceisteanna tearmeolaíochta níos mó ná cúpla uair roimhe seo. Tá an-fhuinneamh aige, agus molaim dó leanúint ar aghaidh leis an obair mhaith a dhéanann sé ar son na Vicipéide. Evertype 15:21, 20 Mei 2005 (UTC)
  • Vótálaím i gcoinne Meabhair. Tá claonadh aige faoi lathair chun easurraime le húsáideoirí eile maidir le cúrsaí plé. --Gabriel Beecham 12:09, 23 Mei 2005 (UTC)
  • An-ait go deo an obair seo. An-ait an bheirt "riarthóir" nach bhfuil Gaeilge ag ceachtar acu, a bheith ag coinneáil gach duine eile amach. Ar ndóigh níor vótáladh ariamh do Ghabriel. Agus tugaim dúshlán dó é féin a chur os comhair na vótálaithe. Agus maidir le béasa, níl béas aige ná ag Evertype a bheith ag caitheamh anuas ar Ghaeilge ghlan mar gheall ar a gcuid neamh-thuiscint ar stair agus structúr na teangan, agus is ait gur ar éigin gur scríobh Evertype focal Gaeilge ó thosaigh mise, agus cinnte ba mhaith liom mo vóta féin dó a aistharraingt, mar is léir nach comhoibriú atá ar siúl aige féin ná ag Gabriel, agus nach míníonn siad a gcuid athraithe agus "rialacháin". Agus aontaím le Dalta go bhfuilim féin leis bréan den rírá seo, cé gur ait liom a chuid neamhchinnteacht siúd sa vótáil. Agus is an-ait caint árdnósach Ghabriel faoi ath-iarrachtaí ar riarthóireacht, tar éis dom a bheith á iarradh leis an gcuid is mó de bhliain, agus a bhfuil de mhíriar déanta aige den togra. Níl gá le cuid mhaith den treoir atá ar siúl aige. Agus is léir ó lgh an Bhéarla go moltar riarthóireacht a thabhairt amach go fial. Agus is léir domsa gur droch-Ghaeilge atá Gabriel ag sá fós ar an bpríomhlch agus in áiteanna eile. Is oth liom a rá go gcuireann an monaplacht seo as dom, agus do dhaoine eile, a bheith ag saothrú ar an dtogra, mar fiú agus muid ag scríobh ailt fiúntacha, déantar athraithe bacacha ar ár gcuid oibre ag na riarthóirí seo. Tuigtear dom anois cén fáth nach bhfuil ráth ar an dtogra. Meabhar 23:20, 5 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Dalta[athraigh foinse]

Cuirim m'ainm suas freisin chun a bheith i mo riarthóir. Más mhaith libh, a vicipéideorí, votáil domsa uimhir a haon agus déanfaidh mé mo dhicheall chun leagan Geailge neart Vicipéid a chruthaigh. Is é míle ailt a shroich mo phríomhaidhm agus dá mbeadh mé i mo riarthóir, ceapfaidh mé níos mó riarthóir chun an suíomh a tabhairt aire air i gceart. - Dalta

Ag baineadh amach m'iarratas. Níl fonn orm a thuilleadh a bheith i mo riarthóir, tá'im bréan dena daoine ansin. Cabhróidh mé léi fós agus b'fhéidir go ndéanfaidh mé iarracht eile i gceann bliana nó dhó. - Dalta 3 Iúil 2005 21:36 (UTC)
  • Vótalaim ar son Dalta. Tá an Úsáideoir sin ag obair go dian ar son na Vicipéide.--Breandán 17:53, 1 Mei 2005 (UTC)
  • Tugaim vóta ar son Dalta - is léir dom go bhfuil díogras ann leis an togra a chur ar aghaidh. Meabhar 15:02, 8 Mei 2005 (UTC)
  • Tugaim ar son Dalta --Happy 19:57, 8 Mei 2005 (UTC)
  • Tugaim vóta neodrach maidir le Dalta i láthair na huaire. Measaim go bhfuil sé beagán nua don tionscadal, agus go mbeadh sé níos fearr dó a thuilleadh ama a chaitheamh anseo ag an Vicipéid, sula dhéanfar riarthóir de. --Gabriel Beecham 12:09, 23 Mei 2005 (UTC)
Sin a bhí mo thuairim freisin, a Ghabriel, ach feicim go bhfuil sé ina riarthóir anois. Evertype 12:35, 23 Mei 2005 (UTC)

Guliolopez[athraigh foinse]

Ainmniúim féin chun a bheith i mo riarthóir. Níl go leor Riarthóirí ar an vicipéid. Níl aon duine ciontach, ach tá cúpla díospóidí neamhréitithe fós, agus - más féidir liom - ba mhaith liom cabhair a thabairt. Guliolopez 12:51, 14 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Tugaim vóta ar son Guliolopez (nó an bhfuil m'fhreagairt ró-dhéanach?). Tá sár-jab á dhéanamh aige chun eagar ceart a chur ar an Vicipéid. Sean an Scuab 19:05, 1 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]
Tugaim vóta ar son Guliolopez, gan dabht. Duine an-chuidiúil agus an-cháirdiúil is ea é - Alison 05:49, 19 Nollaig 2007 (UTC) (Longest. RfA. Evar!)[reply]
Bronntar cearta oibreoir córais. --Gabriel Beecham 12:39, 11 Eanáir 2008 (UTC)[reply]

Nmacu[athraigh foinse]

A Chairde, I gcomhthéacs go bhfuil Gabriel ag tógáil vícíshos, ba mhaith liom mé féin a chur chun cinn mar chomhriarthóir. Aontaím le Guliolopez, thuas, nach bhfuil a dhóthain riarthóirí ar an Vicipéid. Mar eolas daoibh, tá céim mháistreachta agam sa ríomhaireacht agus dioplóma sa Ghaeilge agus oibrím i réimse na ríomhaireachta trí mheán na Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. Tá mé tar éis roinnt mhaith alt a scríobh i réimse na ríomhaireachta agus rinne mé Catagóir na ríomhaireachta a ath-eagrú go mór. Tá mé tar éis a bheith ag útamáil thart le leagan de Mediawiki san obair le tamall anuas agus cé nach bhfuil ard-taithí bainte amach agam leis fós, tá mé sásta go bhfuil mo dhóthain taithí agam nach ndéanfaidh mé aon bhotún mór má thugtar pribhléidí riarthóra dom. Dá mbeinnse i mo riarthóir, bheadh sé i gceist agam díriú isteach ar chóras cabhrach na Vicipéide a thabhairt suas chun dáta le go mbeadh baill na Vicipéide in ann cabhair a lorg (go háirithe maidir le húsáid teimpléad) trí mheán na Gaeilge seachas a bheith ag brath ar Wikipedia i gcónaí. Le dea-ghuí, Nmacu 09:36, 15 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]

Tugaim vóta ar son Nmacu. Níl go leoir riarthóirí agus cheapaim go ndhéanfadh sé iarracht maith as. Guliolopez 10:22, 15 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]
Tá mo vóta agat freisin. --An Tóin Mór 13:04, 15 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]
Tugaim vóta ar son Nmacu. Tá an suim, an béasacht agus an chumas riachtanach don jab aige. Sean an Scuab 19:05, 1 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]
Agus leatsa freisin. :Tugaim vóta ar son an duine seo - Alison 05:49, 19 Nollaig 2007 (UTC)[reply]
Bronntar cearta oibreoir córais. --Gabriel Beecham 12:39, 11 Eanáir 2008 (UTC)[reply]

Panu[athraigh foinse]

Níl cearta an riarthóra agam féin, iontas na n-iontas. Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh, mura miste. Panu Petteri Höglund 18:31, 24 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]

Is oth liom a rá go dtugaim vóta i gcoinne Úsáideoir:Panu Petteri Höglund. Tá obair na gcapall déanta ag an úsáideoir seo i scríobh alt ar an Vicipéid. Tréaslaím leis as ucht na hoibre iontach atá curtha i gcrích aige. É sin ráite, ní gá gurb ionann duine a dhéanann sár-jab eagarthóireachta agus duine atá feiliúnach le bheith ina riarthóir. Tá gá go mbeadh bealach maith ag duine ag caitheamh le húsáideoirí eile agus go mbeadh meas aige ar thuairimí daoine eile (fiú má easaontaíonn sé go láidir leo). Cé go bhfeicim Úsáideoir:Panu Petteri Höglund ag cabhrú le roinnt úsáideoirí atá ar bheagán Gaeilge, tá samplaí eile feicithe agam agus é ag caitheamh go maslach le húsáideoirí eile. Le gairid, mhaslaigh sé úsáideoir agus mhol sé go ndéanfaí blocáil air mar gheall ar easaontas faoi ábhar. Sa chás sin, d'aontaigh mé go hiomlán lena argóint faoin ábhar (go gcoinneofaí teideal an ailt faoi Tennessee mar a bhí) ach, i mo thuirim, léirigh an bealach a dheileáil sé leis an easaontas nach bhfuil sé feiliúnach le bheith ina riarthóir faoi láthair. D'fhéadfaí a chur i mo leith go bhfuil mé claonta mar gheall ar eachtra a tharla le gairid nuair a d'ionsaigh sé mé faoi alt a d'athraigh mé (ghabh sé leithscéal liom ina dhiaidh). Tá súil agam nach bhfuil mé claonta – tá mé ag iarraidh a bheith oibiachtúil agus mé ag déanamh an mholta seo. Le meas, Nmacu 13:34, 25 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]

Alison[athraigh foinse]

Ba mhaith liom Alison a ainmniú le bheith ina riarthóir buan ar an Vicipéid. Rinne sí sár-jab nuair a bhí sí ina riarthóir sealadach agus tá sí fós ag déanamh sár-obair ó thaobh an Vicipéid a choinneáil suas-le-dáta leis na hathruithe ar fad atá ag tarlú ar an Commons, etc. Sílim dá mbeadh pribhléidí riarthóra aici go bhféadfadh sí cur go mór leis an Vicipéid - níos mó ná mar atá sí faoi láthair agus í ar ais ina gnáth-úsáideoir. Mar sin, tugaim vóta ar son Úsáideoir:Alison - má tá sí sásta feidhmiú mar riarthóir arís. Le gach dea-ghuí, Nmacu 12:02, 25 Eanáir 2008 (UTC)[reply]

Tá an-onóir agam an ainmniúcháin seo a glacadh :) Míle maith agat, a Nmacu - Alison 08:04, 27 Eanáir 2008 (UTC)[reply]
Tugaim vóta ar son Alison fosta. Tá sár-jab á dhéanamh aici. MacTire01 15:47, 25 Eanáir 2008 (UTC)[reply]
Ar son Alison! Bastique 21:33, 30 Eanáir 2008 (UTC)[reply]
uasal, dílseacht, críonnacht, misneach. Eliz81 22:25, 30 Eanáir 2008 (UTC)[reply]
Tugaim vóta ar son Alison freisin. Guliolopez 16:55, 31 Eanáir 2008 (UTC)[reply]
Bunaithe ar na vótaí seo agus an méid ama a bhí ag daoine le vótáil, tá mé chun moladh do Ghabriel go ndéanfaí riarthóir d'Alison anois. Nmacu 11:04, 5 Feabhra 2008 (UTC)[reply]
Bronntar cearta riarthóra ar Alison. Ba mhian liom mo ghuth féin a chur leis an ainmniú seo; comhghairdeachas! --Gabriel Beecham 18:50, 5 Feabhra 2008 (UTC)[reply]
Go raibh míle maith agaibh go léir! Tá an-onóir agam - Alison 20:20, 5 Feabhra 2008 (UTC)[reply]

Drochghaeilge[athraigh foinse]

A Riarthóir, Tá drochainm ag an vicipéid mar gheall ar go bhfuil i bhfad an iomarca botún ann, agus gur léir gur duine nó daoine gan Ghaeilge atá ina bhun. Faoin am seo ba chóir go mbeadh na mílte alt air, ach nuair a fheiceann daoine truflais dhothuige in áit na Gaeilge ní bhacann siad leis. Tá buíochas ag dul don té a chuir ar bun é as ucht a chuid oibre, ach tá sé thar am do dhaoine a bhfuil a gcumas ar aonchéim lena ndíograis dul i mbun na riarthóireachta. Alfraits

Tá an ceart agat, a Alfraits. Ach is cosúil gur fíor-dheacair do dhuine nó daoine éigin atá i mbun ceapadh riarthóraí ligean do Ghaeilgeoirí dul i mbun oibre, ach iad ag fíor-phlé le cupla riail nó iontráil foclóirí measartha a mheasann siad a bheith ceangailte ar dhaoine atá roinnt líofachta Gaeilge acu. Meabhar 02:33, 23 Ean 2005 (UTC)

An lch "Riarthóirí" ceangailte, 's é lán de dhearmaid[athraigh foinse]

Rinneas iarracht an lch bunaidh ar Riarthóirí a cheartú faoi thrí, ach níl de thoradh air ach dul amú ama. An gá dom a rá go bhfuil an Ghaeilge atá ann thar a bheith bacach, agus gur náire a leithéid a bheith in airde, nuair atá neart daoine anseo a d'fhéadfadh é a cheartú? Agus sílim go bhfuil sé sin ar na cúiseanna nach bhfuil mórán dul ar aghaidh déanta ar an suíomh. Tá fiú lucht na Cornaise, Ghaeilge na hAlban agus gach mion-teanga, nach mór, sa tosach orainn, agus sílim gur chúis amháin air seo nach féidir feabhas a chur ar bhun-ábhar gan a bheith id' riarthóir. Agus tá mise á iarraidh sin ó Dheireadh Fómhair 2004 ar aghaidh! Meabhar 15:36, 8 Mei 2005 (UTC)

I don't know, where to put this request... 83.143.18.69 is an open proxy used by the "unknown" vandal. Please block this IP infinitely. The vandal was active on many wikis today... --Thogo 15:25, 28 Samhain 2006 (UTC)[reply]

Athbhreithniú den chóras - tuairimí[athraigh foinse]

Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid úsáideoirí anseo atá seantaithí acu leis an Vicipéid, MediaWiki agus na rudaí eile a ghabhann leis an dtionscadal seo. Ach tá an leathanach seo curtha i bhfolach, agus níl sé soiléir conas a roghnaítear riarthóirí. Ceapaim go bhfuil córas éigin riachtanach, agus mar sin tá moladh agam - tá fáilte roimh tuairimí:

  • Cuirfeadh an t-iarrthóir a (h)ainm ar an leathanach seo, le abairt nó dhó ar a spéis leis an Vicipéid.
  • Bheadh 14 lá ag na húsáídeoirí go léir a dtuairimí a thabhairt; ba féidir vótáil "tá" nó "níl", nó vóta neodrach a thabhairt.
  • Ba féidir leis na húsáideoirí ceisteanna a chur leis an iarrthóir, má cheapann siad go bhfuil sé sin riachtanach.
  • Tar éis an 14 lá a chaitheamh:
    • Muna bhfuil aon duine i gcoinne an iarrthóra, iarrfar ar maorlathach cearta oibreora córais a thabhairt dó/di ar an bpointe.
    • Má tá roinnt daoine i gcoinne an iarrthóra, ach tá sé soiléir go bhfuil an chuid is mó de dhaoine i bhfabhar é a cheapadh (.i. má tá comhdhearcadh na coitiantachta soiléir - ní leor tromlach simplí), déanfar riarthóir de/di ar an modh céanna.
    • Má tá sé soiléir nach bhfuil an chuid is mó de dhaoine i bhfabhar an iarrthóra, ní dhéanfar riarthóir de/di.
  • Muna éiríonn leis an iarrthóir, tá sé/sí saor iarratas eile a chur isteach sa todhchaí; is dócha go mbeadh sé inmholta dó/di a thuilleadh ama a chaitheamh anseo ag forbairt a chuid taithí, sula ndéanann sé/sí é sin.

An bhfuil tuairimí ag aon duine maidir leis an moladh seo? Mar shampla, cad a cheapann sibh faoi 14 lá mar theorainn ama? --Gabriel Beecham 17:18, 23 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]

Aontaím leis na moltaí thuasluaite. Measaim go bhfuil 14 lá féaráilte. Ag an am céanna, sílim go bhfuil gá go mbeadh méid áirithe vótaí caite i rith na tréimhse sin. Mar shampla, chuir mé m'ainm féin chun cinn breis agus mí ó shin ach níor caitheadh ach dhá vóta. B'fhearr liom dá mbeadh níos mó vótaí ná sin caite (agus ceisteanna ardaithe) sula ndéanfaí cinneadh. Le daonra chomh beag agus atá againn, déarfainn go mbeadh figiúr ar nós 4 vóta (ar a laghad) inmhianaithe agus go mbeadh ar a laghad 75% (go garbh) de na vótaí sin i bhfábhar an duine sin ag teastáil sula toghfaí iad. Nmacu 12:54, 25 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]
Aontaím leis freisin, ach is fearr liom 7 lá chomhsuil le vicí eile - Alison 21:01, 11 Eanáir 2008 (UTC)[reply]

Riarthóir nua[athraigh foinse]


Nmacu[athraigh foinse]


SeoMac[athraigh foinse]


Kevin Scannell[athraigh foinse]