Úsáideoir:Nmacu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fáilte Isteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fáilte romhat go dtí mo leathanach baile

An Cuntas MALA2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba cheart dom a shoiléiriú gur mé féin atá ag riaradh an chuntais seo ar son mic léinn a bhí mé ag plé leo ar an M.A. san Aistriúchán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Rinne grúpa mac léinn roinnt alt a aistriú ón mBéarla mar chuid de thaithí oibre ar an gcúrsa. B'é an aidhm ná go ndéanfaí uaslódáil ar na hailt nuair a bheadh siad aistrithe. Tá sé tábhachtach go bhfaigheann an rang aitheantas ar son na hoibre seo agus b'shin an fáth gur chruthaigh mé an cuntas MALA2009. Tá na hailt i bhfoirm plain text agus tá sé i gceist agam féin na clibeanna vicí a chur i bhfeidhm orthu de réir a chéile. Má tá bealach níos fearr ó thaobh na gcuntas seo a láimhseáil, fáiltím roimh mholtaí.

Ag foghlaim faoin Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má tá tú ag foghlaim faoin Vicipéid, is naisc úsáideacha iad seo sa leagan Béarla

Tá súil agam go mbeidh an t-am agam a mhacasamhail a chur ar fáil trí Ghaeilge amach anseo.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i nGaillimh anois le roinnt blianta beaga anuas.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Gaeilge líofa agam. Bím ag teagasc na ríomhaireachta trí mheán na Gaeilge le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mise agus An Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mé i mo bhall den Vicipéid le bliain anuas agus déanaim iarracht cur léi nuair a bhíonn an t-am agam. Tá rún agam níos mó ama a chur i leataobh leis seo a dhéanamh mar creidim gur acmhainn iontach atá inti ach go bhfuil gá roinnt oibre a chur isteach inti le go sroichfidh sí caighdeán go mbeidh daoine ag teacht ar cuairt chuici agus iad ag súil le líon mór alt cuimsitheacha i nGaeilge chruinn. I measc na leathanach a chruthaigh mé go dtí seo tá:

I measc na leathanach a bhí mé ag athrú go dtí seo tá:

Tástáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

ga Is Gaeilgeoir dúchasach é an t-úsáideoir seo.
en This user is a native speaker of English.
fr-1 Cette personne peut contribuer avec un niveau élémentaire de français.