Pithovirus sibericum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPithovirus sibericum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FinePithoviridae
SpeiceasPithovirus sibericum Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas de víreas ollmhór é Pithovirus sibericum, níos mó ná 0.5 micriméadar, a aimsíodh sa tSibéir in 2014. Ionfhabhtaíonn an víreas seo aiméibí den ghéineas Amoeba. Bheadh sé neamhdhíobhálach do dhaoine agus d'ainmhithe. Ó thaobh méide, tá a ghéanóm cosúil leis an ngéanóm a bhaineann le baictéir áirithe aitheanta. Tá níos mó ná 450 géin ann, ach, chun comparáid a dhéanamh, níl ach timpeall deich gcinn ag VEID.

Aonraíodh eiseamal inmharthana den víreas seo go luath sa bhliain 2014, ó chroíleacán oighir 30,000 bliain d’aois, a baineadh as talamh síorshioctha na Sibéire, an Rúis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]