Philip Johnson
Jump to navigation
Jump to search
Ailtire is teoiricí a saolaíodh i gCleveland, Ohio ab ea Philip Cortelyou Johnson (8 Iúil 1906 – 25 Eanáir 2005). Tháinig sé le bheith ina mholtóir ar an stíl idirnáisiúnta. I measc a shaothar tá Foirgneamh Seagram, ilstórach i Nua-Eabhrac a dhear sé i gcomhar le Ludwig Mies van der Rohe (1945), Amharclann Stát Nua-Eabhrac ag Lárionad Lincoln (1964), Foirgneamh AT&T (1978–1984), agus Ardeaglais an Dóchais i nDallas (1998).
Chaith Johnson 45 bliana lena chomráda David Whitney. Bhí sé mar nós acu a gcuid deirí seachtaine a chaitheamh sa Teach Gloine, i New Canaan, Connecticut, teach a dhear Johnson féin sa bhliain 1949. Fuair sé bás le hadhairt sa Teach Gloine, ar an 25 Eanáir 2005.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Puerta de Europa (Geata na hEorpa), Maidrid, 1989
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |