Peter Morgan Jaguers
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1862 Tulach Mhór |
Bás | 1932 69/70 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dealbhóir |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gníomhaí Gaeilge, dealbhadóir leachtanna Ceilteacha agus fear páirte an Rialtais Dhúchais in Melbourne na hAstráile ba ea Peter Morgan Jaguers (1862 – 1932). Bhí sé chun tosaigh in Athbeochan na Gaeilge san Astráil.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Jaguers i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí. Ba é mac Peter Jaguers agus Mary Casey é. Chuaigh siad go dtí Queensland sa bhliain 1865, go dtí Sydney sa bhliain 1868 agus go dtí Melbourne sa bhliain 1870. Fuair sé scolaíocht Chaitliceach. Cuireadh é ina phrintíseach lena lán ceirdeanna, agus chuaigh sé go dtí Scoil Éalaíne an Ghailearaí Náisiúnta idir na blianta 1883 agus 1884. Shiúil sé an Eoraip sula ndeachaigh sé i mbun gnó lena athair ag Jaguers & Son, dealbhadóirí leachtanna agus ceannaithe marmair agus eibhir, sa bhliain 1892 in Parkville. Ar 17 Feabhra 1892 phós sé Bridget Maria Bartley, múinteoir, in Ardeaglais Naomh Pádraig in Melbourne.
Bhí baint mhór ag Jaguers lena lán cúiseanna Éireannacha. Chuaigh sé isteach i gcoiste na craoibhe Victoriach den Irish National (Land) League (arbh é an United Irish League ina dhiaidh sin é) agus bhí sé ina rúnaí díograiseach air. Bhíodh sé ar a dhíchill ag cur chúis an Rialtais Dhúchais in Éirinn chun cinn agus é mór le Mícheál Dáibhéad (a bhí ina athair baiste ag an mac ba shine aige), le Seán Diolún agus le muintir Réamainn.
Rinne Jaguers staidéar ar an nGaeilge agus ar a cuid litríochta, agus bhí lé aige le ceol, le healaín agus le cluichí na hÉireann. Bhí iomrá leis de bharr a chuid leachtanna Ceilteacha. Bhí sé orthu siúd a bhunaigh an Club Ceilteach in Melbourne agus ghríosaigh sé na cumainn Éireannacha chun dul i gcomhar le chéile. Bhí aithne mhaith aige ar dhíograiseoir Gaeilge eile, an Dochtúir Nioclás Ó Domhnaill.
Bhí Jaguers ina Caitliceach dílis: rinne sé mórán ar mhaithe le Cumainn na nÓgánach Caitliceach agus bhí sé ina uachtarán ar Chumann Naomh Pádraig idir na blianta 1899 agus 1900. Scríobhadh sé d’fhoilseacháin Chaitliceacha agus bhí sé ina chonspóidí maith. Bhí sé ina bhall de Chumann Síochána, Daonnachta agus Eadrána Victoria i rith Chogadh na hAfraice Theas.
Ghoill eachtraí na bliana 1916 agus na mblianta ina dhiaidh sin go mór air. Rinneadh uachtarán den United Irish Party de sa bhliain 1916 agus chosain sé Seán Mac Réamainn agus an páirtí bunreachtúil go tréan ar “lucht treascartha” de chuid Shinn Féin. Ach cúisíodh é de réir an War Precautions Act as coireanna ar nós agóid a dhéanamh i dtaobh cead cainte cainte a chosc ar Shinn Féin agus Roger Casement a bhású. Sháraigh Sinn Féin cúis an Rialtais Dhúchais san Astráil agus cháin Jaguers tionchar an Ardeaspaig Daniel Mannix.
Thaitin conradh na bliana 1922 leis ach bhí sé tnáite tar éis na mblianta fada d’obair chrua agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht. Bhí sé suaite de bharr bhás an mhic ba shine aige sa Chéad Chogadh Domhanda.
Cailleadh é ar 28 Aibreán 1932. Mhair a bhean chéile, triúr iníon agus mac ina dhiaidh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- [1] Jaguers, Morgan Peter: Australian Dictionary of Biography.
- O’Farrell, Patrick (1987). The Irish in Australia, lgh 171-3, 178-9. New South Wales University Press. ISBN 0-86840-146-3