Pearl Jam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPearl Jam
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1990, Seattle Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1990 –
Lipéad ceoilMonkeywrench Records
J Records
Universal Music Group
Epic Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraGrúinse Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Le cuid
Eile

Suíomh gréasáinpearljam.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2149824 Facebook: PearlJam Twitter: PearlJam Instagram: pearljam Youtube: UClQT6Vnsm6BUm0I5kR26EkQ TikTok: pearljam Souncloud: pearljam Spotify: 1w5Kfo2jwwIPruYS2UWh56 iTunes: 467464 Last fm: Pearl+Jam Musicbrainz: 83b9cbe7-9857-49e2-ab8e-b57b01038103 Songkick: 312553 Discogs: 175395 Allmusic: mn0000037730 Deezer: 1319 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna rac-cheoil as Seattle, Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá é Pearl Jam. Bunaíodh sa bhliain 1990 iad, agus tá siad ag seinm le chéile fós. Bhí Pearl Jam páirteach sa phléascadh ceoil ar a dtugtar "grúinse" ag tús na nóchaidí, in éineacht le Nirvana, Soundgarden, Alice In Chains agus grúpaí eile ón chathair chéanna. Cé go raibh siad ar cheann de na rac-ghrúpaí ba mhó ar domhan i lár na nóchaidí, dhiúltaigh Pearl Jam an cháil nua a bhí bainte amach acu, agus thosaigh siad ag déanamh albaim a bhí neamh-tráchtála. D'éirigh siad faiteach leis na meáin, agus ní dhearna siad ach físeán ceoil amháin don stáisiún ceoil MTV. Ní ba dhéanaí fosta, bhí coimhlint cháiliúil idir Pearl Jam agus an comhlacht úd Ticketmaster, mar bhí siad den tuairim go raibh praghsanna na dticéad ró-ard. Is fíor a rá gur chailleadar an cath seo, ach choimeád siad tacaíocht díograiseach fós.

Sheol Pearl Jam a gceirnín is déanaí Backspacer sa bhliain 2009, agus tosóidh siad a gcéad camchuairt Eorpach eile i mBaile Átha Cliath ar an 25 Meitheamh 2010.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an giotáraí Stone Gossard agus dordghiotáraí Jeff Ament a chuir tús leis an mbanna. Bhí an bheirt ag seinm le chéile le tamall fada i ngrúpaí eile ar nós Mother Love Bone. Bhí cúrsaí ag dul go maith don bhanna seo sna blianta 1988 agus 1989, agus scaoil siad albam amháin. Cuireadh deireadh leis go tobann, áfach, le bás amhránaí Andrew Wood ar an 19 Márta 1990. Bhí seanaithne ag Gossard ar Mike McCready cheana féin, phríomh-ghiotáraí a bhuail siad leis don chéad uair ag cóisir i Seattle. Ar an oíche a bhuaileadar le chéile, chuala Gossard McCready ag seinm amhrán de chuid Stevie Ray Vaughan, rud a chuaigh go mór i gcion air. Bhí cúpla amhrán nua scríofa ag Gossard, ceol gan liricí, agus thaifead sé iad le McCready, Ament agus a gcara Matt Cameron, ón bhanna Soundgarden, ar na drumaí.

Bhí gá fós le amhránaí agus drumadóir buan, agus thosaigh Gossard ag tabhairt an chaiséid a bhí taifeadta acu do dhaoine éagsúla ag iarraidh teacht ar cheoltóirí oiriúnacha. Duine amháin a fuair cóip ná Jack Irons, drumadóir leis na Red Hot Chili Peppers. D'admhaigh Irons nach raibh suim aige féin sa thionscadal, ach thug seisean an caiséad ar aghaidh dá chara, Eddie Vedder, a bhíodh ag canadh le bannaí éagsúla i San Diego, mar shampla Bad Radio. De réir an scéil, d'éist Vedder leis an dtéip lá amháin agus é amach ag surfáil. Nuair a bhí sé amach ag marcaíocht ar na dtonnta, chuala sé an ceol ina intinn arís agus tháinig na liricí agus an fonn dó. Nuair a bhí sé déanta, rith sé abhaile agus chan sé na focail cumtha aige ar chaiséad nua. Chuir sé liricí nua ar thrí amhrán - Alive, Once agus Footsteps (ar a dtugtar an tríológ Mamasan), agus sheol sé an caiséad nua ar ais go Gossard thuas i Seattle. Bhí Gossard agus na baill eile an-sásta leis an dtoradh, agus tugadh cuireadh láithreach do Vedder teacht go díreach go Seattle.

Nuair a shroich Vedder an chathair chun bualadh leis a bhanna nua, bhí siad i mbun oibre ar cheirnín nua leis an ainm Temple of the Dog, ómós d'Andrew Wood. Bhí dhá rian nua ag Chris Cornell as Soundgarden don scéim, agus chuaigh Vedder go díreach isteach sa stiúideo leo chun chabhair a thabhairt. Chan sé le Cornell ar an rian Hunger Strike, agus chuaigh a chuid oibre go mór i bhfeidhm ar Chornell agus na baill eile.

Thosaigh an banna nua ag cleachtadh i gceart, agus baisteadh Mookie Blaylock orthu, tar éis an imreoir cispheile (tá siad go leor tógtha leis an spórt seo). An chéad drumadóir a bhí acu ná Dave Krusen. Shínigh siad conradh ceoil le hEpic Records, agus d'athraigh siad ainm an bhanna go Pearl Jam.

1991 - 1995[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seinm sa bhliain 2005.

Chuaigh an grúpa isteach sa stiúideo gan mhoill agus seoladh an chéad albam Ten (ainmnithe as an uimhir gheansaí a caitheadh Mookie Blaylock) ar an 27 Lúnasa, 1991. Albam láidir a bhí ann, le fuaim a bhí áit éigin idir rac crua agus rac clasaiceach, agus díoladh go maith é. Bhí dhá amhrán ann ón tríológ Mamasan, cúpla amhrán nua a bhí scríofa acu le chéile (mar shampla Even Flow, Release, Oceans), an singil mór Jeremy de chuid Ament, agus Porch a scríobh Vedder. Sheinn siad cuid den albam go fuaimiúil ar MTV Unplugged, agus rinne siad físeán don amhrán Jeremy, a bhíodh á chasadh go minic ar an teilifís. Ní raibh fhios ag éinne ag an am go mbeadh sé ar an bhfíseán deireanach a dhéanfadh siad ar feadh tamall fada.

Nuair a bhí a gcéad albam réidh acu, d'fhág Dave Krusen an grúpa. Fuair siad cabhair shealadach ó Matt Chamberlain, ach d'fhág seisean chomh maith freisin nuair a fuair sé áit sa bhanna ceoil a sheinneann ar an gclár teilifís Saturday Night Live. Is é Chamberlain atá le feiceáil sa físeán Alive. Chuir Chamberlain an banna i dteagmháil le drumadóir nua eile, fear as Texas darbh ainm Dave Abbruzzese. Ghlac Abbruzzese an post, agus thosaigh sé ag seinm go beo leo ar an bpointe.

Seoladh Ten agus an t-albam cáiliúil Nevermind de chuid Nirvana ag beagnach an am céanna, agus thar oíche bhí an-suim ag na meáin i gcúrsaí ceoil i Seattle. Cruthaíodh catagóir nua, ar a dtugtar "grúinse", agus cuireadh Pearl Jam agus na bannaí eile isteach ann, cé go raibh siad uaireanta an-difriúil óna chéile. Is fír a rá go raibh dea-tionchar ag an aird nua a bhí ar Phearl Jam sa spotsolas, ó thaobh cháil agus díolacháin de, agus bhain siad sult as ar dtús. Chuir an rud seo déistin ar laoch an lae Kurt Cobain, ceannaire Nirvana, agus mhaslaigh sé an banna go poiblí mar chreid seisean go raibh siad ag tréigean na luachanna punc a bhí naofa dó.

Nuair a tháinig an dara halbam Vs amach sa bhliain 1993, díoladh beagnach milliún cóip sa chéad seachtain, curiarracht ag an am. Bhí roinnt singlí mhóra ann arís - Daughter, Dissident, Go agus Animal, a bhíodh le cloisteáil ar an raidió go rialta. Ní dhearna siad aon fhíseáin don cheirnín seo, ach níor chuir an rud seo isteach ar rath an albaim. Bhuaigh siad duaiseanna ó MTV arís, agus sheinn siad go beo leis a gcara nua Neil Young ag an taispeántas. Le linn na tréimhse seo, áfach, bhí teannas ag éirí idir Vedder agus Abbruzzese. Bhí Abbruzzese ag baint an-sult as an cháil nua a bhí aige, ach bhí Vedder féin ag éirí níos buarthaí faoi i gcónaí. Nuair a bhí siad i mbun oibre ar Vs, chuir Vedder a lán brú ar Abbruzzese sa stiúideo, agus thit siad amach dá bharr.

Thaifead Pearl Jam an tríú halbam Vitalogy, a eisíodh ar an 6 Nollaig, 1994. Seal aisteach a bhí ann don bhanna, tar éis bhás Kurt Cobain, an choimhlint idir Vedder agus Abbruzzese agus an fonn a bhí orthu a gcuid cáile a laghdú. Ba cheirnín trialach é Vitalogy mar thoradh, le rianta fada agus casta, lán le fuaimeanna aisteacha (mar shampla Vedder ag spraoi le bosca ceoil san amhrán Bugs, agus na maisíochtaí fuaime ar Hey Foxymophandlemama, That's Me). Ar an taobh eile de, bhí cúpla sár-amhráin ann chomh maith, ar nós Not For You (ceann a sheinn siad ar Saturday Night Live), Corduroy, Immortality agus Better Man. Meastar go bhfuil liricí an amhráin Immortality bunaithe ar shaol Kurt Cobain, a chuir lámh ina bhás féin níos túisce sa bhliain. Ba shean-amhrán de chuid Vedder é Better Man, a bhíodh á chasadh aige siar i mBad Radio. Bronnadh Duais Grammy orthu sa bhliain 1994 don amhrán Spin The Black Circle, sa chatagóir Rac-crua Is Fearr.

Sa deireadh, cuireadh Abbruzzese as an mbanna i rith an tsamhraidh na bliana 1994, agus thit sé ar Ghossard an droch-nuacht a thabhairt dó. Dúirt an banna go hoifigiúil gurb é cúrsaí ceoil ba chúis leis, ach i ndáiríre tháinig an cinneadh ó Vedder. Bhí seisean ag iarraidh smacht a chur ar cháil an bhanna, agus bhí Abbruzzese ag dul sa mhalairt treo. Tháinig Jack Irons ó na Red Hot Chili Peppers isteach ina áit sa bhliain 1995, dlúthchara Vedder, agus an duine a thug cabhair dóibh sa chéad áit. An céad jab a rinne Irons le Pearl Jam ná albam nua le Neil Young Mirror Ball. Thaitin Pearl Jam go mór le Young, agus d'iarr sé orthu casadh leis ar an albam nua. Baineann Young úsáid as grúpaí éagsúla i gcónaí, mar shampla Crazy Horse, agus bhí Pearl Jam sásta a bheith bainteach leis an laoch mór seo. Thaifead Pearl Jam dhá amhrán dá gcuid féin - I Got Id agus Long Road ag an seisiún chéanna, agus scaoileadh iad mar an EP Merkin Ball.

1996 - 2000[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mbun ceoil i Los Angeles ar an 10 Iúil 2006.

Lean cáil Pearl Jam ar aghaidh ag titim ar feadh cúpla bliain. Ní dhearnadar aon fhíseáin nó aon saghas margaíochta ar bith, agus lean siad ar aghaidh go ciúin. Anuas ar sin, chuir siad tús le conspóid nua nuair a dhiúltaigh siad comhoibriú leis an gcomhlacht Ticketmaster. Cheap siad go raibh praghsanna a bhí ar na dticéid i bhfad ró-ard, agus níor thuigeadar cén fáth a bhí praghsanna éagsúla in áiteanna éagsúla. B'fhéidir go raibh pointe maith acu, ach fuair Pearl Jam amach go raibh sé an-deacair camchuairt cheart a chur le chéile gan Ticketmaster. Bhain siad triail as ar feadh tamaill, ach an toradh a bhí ann ná nach raibh a lán daoine ábalta iad a fheiceáil go beo sa tréimhse seo.

Seoladar albam nua acu, No Code, ar an 27 Lúnasa, 1996. Chuaigh sé go díreach go dtí barr na gcairteacha i Meiriceá, ach ansin thit sé go tapa. Ní raibh siad míshásta leis an titim seo, áfach, mar thaispeáin sé go raibh a lucht tacaithe níos lú. Bhí No Code an-clúiteach leis na leantóirí a bhí ann fós. Bhí athruithe ceoil le cloisteáil san albam, agus sna singlí Hail, Hail, Who You Are agus Off He Goes. Sa bhliain 1998, d'eisigh siad ceirnín nua, Yield. Filleadh ar ais go dtí an fhuaim challánach a bhí acu níos luaithe a bhí ann, ach ba é an chéad albam a bhí acu nach ndeachaigh go uimhir a haon sna cairteacha. Rinne siad físeán don amhrán Do the Evolution, an chéad cheann a rinneadh ón bhliain 1993. Sa bhliain chéanna, bhí orthu drumadóirí a athrú arís, nuair a d'éirigh Jack Irons as an stól mar gheall ar fhadhbanna sláinte. Tháinig Matt Cameron isteach sa ghrúpa, an duine a bhíodh ann na blianta ó shin.

Bhí iontas ar an mbanna sa bhliain 1999 nuair a bhain siad barr na gcairteacha amach leis an rian Last Kiss le J. Frank Wilson & the Cavaliers. Seanrian scríofa ag Wayne Cochran sna 1950idí a bhí ann, agus cheap Vedder go mbeadh sé sultmhar é a thaifead mar bhronntanas do na leantóirí. Seol siad amach é, agus bhí sé an rathúil, rud a tháinig aniar aduaidh orthu. Chuaigh an singil go dtí uimhir 2 sna chairteacha, an singil is mó a bhí acu riamh. Cuimsíodh an rian ar cheirnín carthanachta le hainm No Boundaries: A Benefit for the Kosovar Refugees, agus bhí rath mór ar an albam de bharr an singil seo.

Rinne Pearl Jam a séú halbam Binaural sa bhliain 2000, an chéad cheann le Cameron. Sheol siad dhá shingil ón albam, Nothing As It Seems agus Light Years. Nuair a bhí siad amach ag seinm go beo, thug siad faoi deara go raibh a lán daoine ag íoslódáil a gcuid ceolchoirmeacha go mí-dhlíthiúil ar an Idirlín, agus go raibh sé an-deacair rud ar bith a dhéanamh faoi. Thuig siad an t-éileamh a bhí ann, mar bíonn fonn ar dhaoine teacht ar na ceolchoirmeacha ina raibh siad. Mar thoradh, thosaigh an banna féin ag taifead na seónna i gceart, agus scaoileadh iad mar "bootlegs oifigiúla" a bhí saor agus taifeadta i gceart. Sheol siad 72 albam beo, ceann ó ngach ceolchoirm a rinne siad agus chuir siad iad ar a suíomh idirlín chomh maith.

Bhí deireadh tubaisteach le turas Eorpach Pearl Jam sa bhliain 2000, áfach. Cailleadh naonúr tar éis meil ag an bhFéile Roskilde sa Dhanmhairg ar an 30 Meitheamh 2000. Scriosadh an camchuairt, agus cuireadh an locht ar an mbanna ar dtús. Ba thréimhse an-deacair é don bhanna, a bhí beagnach réidh éirí as.

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailiúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]