Paul Morphy
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Paul Charles Morphy |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 22 Meitheamh 1837 New Orleans, Louisiana |
Bás | 10 Iúil 1884 47 bliana d'aois New Orleans, Louisiana |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Stróc) |
Áit adhlactha | Saint Louis Cemetery No. 1 (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Tulane Spring Hill College (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | imreoir fichille, teoiricí fichille |
Teangacha | Béarla |
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Spórt | ficheall |
Imreoir fichille Meiriceánach ab ea Paul Charles Morphy (22 Meitheamh, 1837 – 10 Iúil, 1884), a bhí gníomhach sula raibh craobh domhanda fichille ann, ach aithníodh go forleathan gurbh é an máistir fichille ba mhó dá ré. Bhuaigh sé an chéad "American Chess Congress" i 1857, agus fuair sé an lámh in uachtar ar gach comhraic go héasca. Thaistil Morphy ansin go Sasana agus go dtí an Fhrainc chun dúshlán a thabhairt do phríomhimreoirí na hEorpa. D'imir sé cluichí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta le formhór na bpríomhimreoirí Sasanacha agus Francacha, agus imreoirí mó le rá ó thíortha eile, Adolf Anderssen na Gearmáine go áirithe. Bhuaigh sé gach cluiche arís le farasbarr suntasach. D'fhill sé ansin ar na Stáit Aontaithe, agus roimh i bhfad d'fhág sé ficheall ina dhiaidh. B'iontas fichille é, agus aontaítear go ginearálta go raibh Morphy i bhfad chun cinn ar a linn féin, cé go bhfuil easaontas ann faoin conas ba chóir a chuid imeartha a chur i gcomparáid le himreoirí an 20ú haois.