Paul Lauterbur
Cuma
(Athsheolta ó Paul Christian Lauterbur)
Ceimicí a rugadh i Sydney, Ohio, ab ea Paul Christian Lauterbur (6 Bealtaine 1929 – 27 Márta 2007). Ba de shliocht Lucsamburgach é. Agus é ag déanamh taighde ar athshondas núicléach maighnéadach (NMR) chun ceimiceáin a anailísiú, thaispeáin sé conas íomhánna déthoiseacha tomagrafaíocha a chruthú leis. I 2003 roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis le Peter Mansfield as a thaighde i saothrú íomháú athshondais (núicléach) mhaighnéadaigh (MRI). In Urbana, Illinois, a shíothlaigh sé.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Paul Lauterbur". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 396.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |