Pat Finucane
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Márta 1949 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 12 Feabhra 1989 39 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Coláiste Naomh Maolmhaodhóg |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dlíodóir, imreoir sacair |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Páiste | John Finucane |
Aturnae ó Bhéal Feirste ba ea Pat Finucane (21 Márta 1949 - 12 Feabhra 1989). Bhí cáil ar Pat Finucane sna hochtóidí mar dhlíodóir a raibh paraimíleataigh i measc a chuid cliant. Ba mhinic poblachtánaithe a ceistíodh in ionaid choinneála an RUC ag líomhain gur bhagair póilíní go mbainfeadh míthapa dá ndlíodóir Finucane, a raibh daoine muinteartha leis luaite leis an IRA.[1]
Mharaigh an UDA an dlíodóir Finucane in ionsaí lámhaigh ina theach i mBéal Feirste os comhair a mhná agus a pháistí. Maíodh go raibh eagrais stáit claonpháirteach san dúnmharú.[2]
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir 1989 ag labhairt i bParlaimint Westminster, dúirt Aire Sóisearach ón bPáirtí Caomhach Douglas Hogg go raibh roinnt dlíodóirí i dTuaisceart Éireann "róbháúil do chúis an IRA". Nuair a thug an feisire Seamus Mallon foláireamh dó go bhféadfadh a bhriathra marú a ghríosú, dhiúltaigh sé an ráiteas a tharraingt siar, ag rá go raibh údar iontaofa aige leis. An mhí dár gcionn maraíodh Pat Finucane.[3]
Lámhach agus mharaigh dílseoirí ón UDA Finucane os comhair a theaghlaigh ina theach cónaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Feabhra 1989. Lámhachadh ceithre huaire dhéag é, agus lámhachadh agus gortaíodh a bhean chéile Geraldine chomh maith. Bhí triúr páistí óga ag an lánúin agus chuaigh siadsan i bhfolach faoi bhord le linn an ionsaithe.[4]
Poblachtánaigh ab ea daoine muinteartha leis an dlíodóir ach chinn gach fiosrú nach raibh baint ag an dlíodóir féin leis an IRA.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh an ionsaithe fuarthas amach go raibh baint ag gníomhairí dílseacha de chuid an RUC agus aonaid faisnéise Arm na Breataine le pleanáil na heachtra, leis an lámhach féin agus gur tháinig siad salach ar fhiosrú an dúnmharaithe. Bhí a fhios ag MI5 faoin ionsaí roimh ré ach níor deineadh tada chun é a chosc. Séantar comhcheilg oifigiúil ach bhí amhras faoi cé chomh sinsearach is a bhí daoine a bhí ar an eolas.[1]
In 2003, ciontaíodh ball den UDA, Ken Barrett, i ndúnmharú Finucane. Mhaígh seisean ag an am go raibh fórsaí na Breataine páirteach san fheillbheart, mar a creideadh riamh. Tá a fhios go raibh baint ag triúr gníomhairí leis an marú, Brian Nelson, a bhí fostaithe ag seirbhís faisnéise Arm na Breataine agus ag roghnú ‘targaidí le marú’ don UDA, agus beirt ghníomhairí den RUC, William Stobie agus Ken Barrett.[3]
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’aontaigh an dá rialtas, Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontatithe, in Weston Park 2001 go mbunófaí fiosrú poiblí neamhspleách dá gcinnfeadh breitheamh seachtrach go raibh bunús leis na líomhaintí. Chinn an Breitheamh Cory as Ceanada go raibh claonpháirteachas go domhain sa gcás agus mhol sé fiosrú poiblí.[5]
D'fhan ceist an chlaonpháirteachais beo ar feadh na blianta (bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Rosemary Nelson, Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon).[6] Dearbhaíodh go raibh ráiteas Douglas Hogg bunaithe ar cháipéis oifigiúil faisnéise.[4][7]
Bhí fiosrú poiblí á éileamh ón tús ag Geraldine Finucane, baintreach an dlíodóra, a mhaígh go seasta go raibh eagrais stáit claonpháirteach san dúnmharú. Gheall rialtas na Breataine fiosrú neamhspleách beagnach sna 2000idí ach níor tharla sé. Bhí Rialtas na hÉireann ag tacú le héileamh an teaghlaigh le blianta fada go mbunófar fiosrúchán poiblí.[8]
Chinn roinnt fiosrúchán eile ina dhiaidh sin chomh maith go raibh baint ag na póilíní agus/nó Arm na Breataine leis an dúnmharú.
- 2003. Dheimhnigh fiosruithe an póilín sinsearach ón Met i Londain, John Stevens, gurbh fhíor na líomhaintí faoi chlaonpháirteachas.[9]
- 2012. Dhearbhaigh athbhreithniú oifigiúil Desmond da Silva thar ceann rialtas na Breataine é in 2012. Chinn sé, tar éis na comhaid a scrúdú gur éascaigh an stát an dúnmharú agus go ndearna an stát iarrachtaí gan staonadh chun a chinntiú nach mbéarfaí ar na fir ghunna. Chinn da Silva áfach nár chomhcheilg uileghabhálach stáit a bhí ann. Ghabh an príomh-aire David Cameron leithscéal faoin “frankly shocking levels of collusion” ach dúirt sé nár frítheadh aon fhianaise faoi ‘chomhcheilg uileghabhálach’.[2]
- 2015. D'fholisigh Comhdháil na Stát Aontaithe, STORMONT, COLLUSION, AND THE FINUCANE INQUIRY sa bhliain 2015.I mí Feabhra 2019, rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londain nár deineadh fiosrú ar an dúnmharú a chomhlíon riachtanais chearta daonna. Níor ordaigh na tiarnaí breithimh an fiosrú poiblí neamhspleách a éilíonn muintir Finucane, dúirt siad gur faoin stát cinneadh a dhéanamh cén sórt fiosraithe atá riachtanach agus a mbeadh rath air.[3]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Údar mór conspóide ab ea ceilt faisnéise ar ionchoisní ar mhaithe le slándáil náisiúnta. Bhí brú chun bailchríoch a chur go heifeachtach ar na hionchoisní sula gcuirfeadh an tAcht Oidhreachta in 2023/2024 conspóideach stop leo.
Bhí sé dearbhaithe ag Rialtas na Breataine in 2024 go mbunófar fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú Pat Finucane.[10] Bhí cruinniú ag teaghlach Pat Finucane le Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann Hilary Benn ar an 10 Meán Fómhair 2024. Glactar leis go gcuirfear an ghné "Douglas Hogg" san áireamh san fhiosrúchán poiblí.[4]
Is iomaí cúis a luaitear leis an diúltú d’éilimh an teaghlaigh. Ina measc tá an scéal a bheith róbhrocach le hiomlán na fírinne a nochtadh nó go réiteodh sé an bealach do rabharta cásanna faoi chlaonpháirteachas na seirbhísí faisnéise rúnda, an bhrainse speisialta agus lucht faisnéise míleata. Maítear go raibh daoine sinsearacha sa bhunaíocht dubh dóite ina aghaidh.[3]
Dúirt iar-príomhaire Bertie Ahern ar raidió RTÉ nach raibh MI5 toilteanach comhoibriú go dtí 2024, agus bheadh an comhoibriú seo an 'tástáil litmis' an uair seo.[11]
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Duine den triúr páistí a chonaic marú a n-athar is ea John Finucane, feisire parlaiminte Shinn Féin do Bhéal Feirste Thuaidh.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Finucane
- Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023
- An Choimisiúin Neamhspleách um Athmhuintearas agus Faisnéise
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Póilín Ní Chiaráin (15 Meán Fómhair 2024). "35 bliain de cheilt agus cinsireacht, stocaireacht agus geallúintí – cás Pat Finucane" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ 2.0 2.1 "Pat Finucane: Who was the murdered Belfast solicitor?" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Póilín Ní Chiaráin (14 Deireadh Fómhair 2020). "Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 "Fiosrúchán poiblí le bunú faoi dhúnmharú Pat Finucane" (as ga) (2024-09-11).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2 Nollaig 2020). "Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ Robert McMillen (Iúil 2004). "Tionchar Arm na Breataine ag trá" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ Robert McMillen (Samhain 2011). "Dúnmharú an Dlíodóra, Pat Finucane" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ "Cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine nach mbeidh aon fhiosrúchán poiblí ann faoi dhúnmharú Pat Finucane" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-11-30). Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ "CAIN: Issues: Collusion - Chronology of Events in the Stevens Inquiries". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ hansard.parliament.uk (11 MF 2024). "The Secretary of State for Northern Ireland". Dáta rochtana: 11 MF 2024.
- ↑ Vincent Kearney / RTÉ News (2024-09-11). "Finucane murder inquiry announced by UK govt" (as en).