Jump to content

Pas saorthaistil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An DART

Is féidir le gach duine in Éirinn[1] atá 66 bliain d'aois agus os a chionn pas saorthaistil[2] a fháil. Tugtar Scéim na bPasanna Saorthaistil air. Ligeann an Scéim daoine taisteal, saor in aisce, ar an gcóras iompar poiblí agus ar roinnt seirbhísí príobháideacha bus agus farantóireachta.[3]

Féadfaidh daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí faoi 66 bliana d’aois cáiliú le haghaidh Saorthaistil freisin. Is féidir le páirtnéiríí (daoine pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó comhchónaitheoirí) taisteal saor in aisce chomh maith má chomhlíonann siad critéir áirithe. Murar féidir le duine taisteal ina aonar ar chúiseanna leighis, d’fhéadfá Saorthaisteal a fháil do chompánach. Ligeann sé seo do dhuine atá os cionn 16 bliana d’aois taisteal saor in aisce.

Tá an pas ar fáil ag líon ar leith daoine atá i dteideal íocaíochtaí Stáit ar nós cúramóirí, nó breis is milliún duine sa n-iomlán.[4]

Is féidir úsáid a bhaint as Pas Shaorthaisteal ar fhormhór sheirbhísí Iarnród Éireann, Bhus Éireann, Bhus Átha Cliath, DART agus Luas agus ar sheirbhísí príobháideacha bus agus farantóireachta áirithe.

Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar sheirbhísí Nitelink Bhus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland[5] agus seirbhísí Local Link TFI (Iompar d’Éirinn).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. a bhfuil buanchónaí in Éirinn
  2. i mBéarla, free travel pass
  3. Citizensinformation.ie. "Saorthaisteal in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-07-29.
  4. Nuacht RTÉ (2024-07-29). "Na Mílte eile anois i dteideal Pas Saorthaistil" (as ga-IE). 
  5. "Routes & timetables - Go Ahead Ireland". web.archive.org (2024-05-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-21. Dáta rochtana: 2024-07-29.