Paradacsa an chúpla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eiseamláir iomráiteach den iarmhairt amleata i dteoiric coibhneasachta speisialta Einstein. Scartar cúpla le dhá chlog chomhionanna. Téann leathchúpla amháin go dtí réaltra i bhfad i gcéin agus ar ais, gar do luas forleata an tsolais. Nuair a fhilleann sé ar Domhan bíonn an spásaire seo i bhfad níos óige ná an leathchúpla eile a d'fhan sa bhaile. Ní haon pharadacsa é seo de réir teoiric na coibhneasachta speisialta, de bhrí go dtarlaíonn amleathadh is moilliú do gach próiseas sa leathchúpla sin, agus a gcloig. Fíoraíodh an iarmhairt seo i dturgnaimh ar chloig adamhacha, agus tugtar paradacsa na gclog air freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Paradacsa an chúpla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 506.