Iarmhairt amleata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I dteoiric coibhneasachta speisialta Einstein, nuair a bhíonn brathadóir fosaithe ag breathnú ar chlog inghluaiste, braitheann sé go n-imíonn an t-am ar an gclog níos moille ná a am féin. Is é tairiscint Einstein, ní hamháin go n-imíonn an t-am níos moille sa chóras inghluaiste, ach go moillítear gach próiseas sa chóras inghluaiste. Mar sin, moillítear próisis meitibileachta, próisis bhitheolaíocha eile, agus gach gníomhaíocht adamhach. Ní fiú trácht ar an iarmhairt seo maidir leis na luasanna ísle ar ar féidir linn taisteal inniu. Ach nuair is luas gar do luas forleata an tsolais a bhíonn i gceist, is mór an iarmhairt í, agus ag an luas sin stadann aon imeacht ama.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt amleata". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.