Paindéim COVID-19 sa Nigéir
| ||||
Cineál | ráig ghalair | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic in Africa (en) agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) | |||
Tréimhse | 27 Feabhra 2020 - | |||
Suíomh | an Nigéir, An Nigéir | |||
Tír | an Nigéir | |||
Cúis | COVID-19 | |||
Tabular case data (en) | Liosta | |||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 Nigeria COVID-19 travel restrictions (en) | |||
Haischlib | #CoronaVirusNigeria | |||
Thosaigh an paindéim COVID-19 sa Nigéir ar an 27 Feabhra 2020, nuair a thaispeáin toradh tástála gur tholg saoránach Iodálach i Lagos an víreas.[1]
Amhail 20 Iúil 2021, bhí 169,884 cás agus 2,128 bás dearbhaithe sa tír. Ina theannta sin, tháinig biseach ar 164,743 duine, agus rinneadh 2,401,894 tástáil.[2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Eanáir 2020, d'fhógair rialtas na Nigéire plean chun ionfhabhtuithe a chosc. Chomh maith leis sin, fógraíodh gur bhunaigh an NCDC grúpa dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.[3]
Ar an 31 Eanáir 2020, bhunaigh an NCDC "Coronavirus Preparedness Group".[4]
Ar an 26 Feabhra 2020, dúirt fear Síneach leis an rialtas i Lagos go bhféadfadh sé a bheith ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas. Bí toradh diúltach ar a thástáil agus caoileadh amach as ospidéal é an lá dár gcionn.[5]
Amlíne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Márta go dtí Aibreán 2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]I tús mhí an Mhárta 2020, bhunaigh uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari tascfhórsa uachtaránachta.[6] Ar an 17 Márta, cuireadh an fhéile spóirt náisiúnta sa Nigéir ar ceal.[7]
Ar 18 Márta, chuir an rialtas cosc ar thaisteal ó 15 tír (agus dhá lá i ndiaidh sin, an Ostair agus an tSualainn).[8] Ar an 19 Márta, fograíodh go mbeadh gach institiúid oideachais dúnta.[9] Ar an 21 Márta, fógraíodh go gcuireadh gach seirbhís iarnród ar ceal san Nigéir,[10] Dúnadh aerfort Lagos agus aerfort Abuja ar 23 Márta.[11]
I mí Aibreáin 2020, tuairiscíodh borradh ollmhór ar líon na mbásanna i Kano, i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. I mí na Bealtaine, d'fhógair uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari maolú ar na srianta a bhí i bhfeidhm, ach cuireadh cuirfiú i bhfeidhm ó 20:00 go dtí 06:00, agus ba ghá mascanna aghaidhe a chaitheamh.[12][13]
Bealtaine go dtí Meitheamh 2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 18 Bealtaine, leathnaíodh an dianghlasáil i Kano, le cuirfiú go dtí tús mhí an Mheithimh.[14]
Ag tús mhí an Mheithimh, cuireadh deireadh leis an dianghlasáil i Kano agus atosaíodh seirbhísí reiligiúnacha agus bainc. Chomh maith leis sin, giorraíodh an cuirfiú ó 20:00-06:00 go dtí 22:00-04:00, agus fógraíodh go n-atosaigh eitiltí intíre ón 21 Meitheamh.[15] Ag deireadh na míosa, ceadaíodh do mhuintir na Nigéire taisteal thar lear. Athosclaíodh na scoileanna ar 1 Iúil.[16]
Iúil go dtí Samhain 2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó Mheán Fómhair go Samhain 2020, bhí laghdú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19. Mar sin, athosclaíodh an geilleagar. Ina theannta sin, dúnadh ionaid cóireála ar feadh tamaill, ach athosclaíodh iad i mí na Nollag.[17]
Nollag 2020 go dtí an lá atá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Nollag 2020, dúirt an tascfhórsa uachtaránachta gur thosaigh an dara tonn de COVID-19 sa Nigéir,[18] agus dúnadh scoileanna ar fud na tíre ar feadh míosa.[19] Chomh maith leis sin, thángthas ar athraitheach nua den coróinvíreas.[20]
Ar an 14 Eanáir 2021, d'fhógair rilatas go mbeadh scoileanna ar fud na Nigéire athoscailte.[21] In ainneoin sin, níor athoscail scoileanna i Edo agus Kaduna,[22] agus bhí an tOllamh Julis Ihonvbere buartha faoi mhéadú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19.[23] Ar an 25 Eanáir, tuairiscíodh an chéad chás den athraitheach Briotanach den COVID-19 sa Nigéir.[24]
Ar 2 Márta, fuair an Nigéir an chéad lastas vacsaíní ó "COVAX".[25]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Coronavirus: Nigeria confirms first case in sub-Saharan Africa" (Béarla). BBC News (28 Feabhra 2020).
- ↑ "COVID-19 Nigeria" (Béarla). Nigeria Centre for Disease Control (NCDC). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meitheamh 2022. Dáta rochtana: 23 Feabhra 2021.
- ↑ "Coronavirus: Nigeria ‘strengthens’ surveillance at five international airports" (Béarla). Premium Times (29 Eanáir 2020).
- ↑ "Public health advisory to Nigerians on novel coronavirus (#2)" (Béarla). Nigerian Centre for Disease Control (NCDC) (31 Eanáir 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Feabhra 2021. Dáta rochtana: 24 Feabhra 2021.
- ↑ Seyi Gesinde (27 Feabhra 2020). "BREAKING: Coronavirus Scare In Lagos, Govt Announces Test Result On Chinese Citizen" (Béarla). Nigerian Tribune.
- ↑ "Objectives" (Béarla). Presidential Task Force. Dáta rochtana: 24 Feabhra 2021.[nasc briste go buan]
- ↑ Tunde Eludini (17 Márta 2020). "Nigeria postpones National Sports Festival over coronavirus" (Béarla). Premium Times.
- ↑ "Nigeria adds Austria, Sweden to travel ban" (Béarla). P.M. News (20 Márta 2020).
- ↑ "UPDATED Coronavirus: FG orders closure of varsities, schools nationwide" (Béarla). The Punch (19 Márta 2020).
- ↑ Kayode Oyero (21 Márta 2020). "FG suspends railway services Monday as coronavirus cases increase" (Béarla). The Punch.
- ↑ Kayode Oyero (21 Márta 2020). "UPDATED: FG shuts Lagos, Abuja airports Monday as coronavirus cases hit 22" (Béarla). The Punch.
- ↑ "At least half of mystery deaths in Nigeria's Kano due to COVID-19 - minister" (Béarla). Reuters (8 Meitheamh 2020).
- ↑ "Nigeria to relax Covid-19 lockdown measures" (Béarla). Africa News (28 Aibreán 2020).
- ↑ "Buhari Extends Nationwide Curfew, Kano Lockdown by Two Weeks" (Béarla). This Day (19 Bealtaine 2020).
- ↑ Omeiza Ajayi (1 Meitheamh 2020). "Covid-19: FG orders ‘restrictive opening’ of religious houses, curfew now 10 pm to 4 am" (Béarla). Vanguard.
- ↑ "FG lifts ban on interstate travels" (Béarla). The Punch (29 Meitheamh 2020).
- ↑ "Covid-19: Nigeria is well into a Second Wave" (Béarla). Nairametrics (17 Nollaig 2020).
- ↑ "COVID-19: Nigeria now in second wave, PTF says" (Béarla). The Guardian, News Agency of Nigeria (17 Nollaig 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Feabhra 2021. Dáta rochtana: 24 Feabhra 2021.
- ↑ "COVID-19: Schools to remain closed until January 18 – Nigerian govt" (Béarla). Premium Times (22 Nollaig 2021).
- ↑ "Another coronavirus variant emerges in Nigeria" (Béarla). RTÉ (24 Nollaig 2020).
- ↑ "Nigeria confirms 1,444 COVID-19 cases as schools reopen" (Béarla). Anadolu Agency (18 Eanáir 2021).
- ↑ "House of rep on school resumption: See states where schools no go resume on January 18" (Béarla pidsin). BBC News (18 Eanáir 2021).
- ↑ Bayo Wahab (18 Eanáir 2021). "COVID-19: Reps fault January 18 school resumption date, demand 3-month postponement" (Béarla). pulse.ng.
- ↑ Nike Adebowale (25 Eanáir 2021). "UPDATED: COVID-19 variant, causing anxiety in UK, found in Nigeria – Official" (Béarla). Premium Times.
- ↑ "‘Fantastic step forward’: First COVAX vaccines arrive in Nigeria". Al Jazeera (2 March 2021).