Pan Am Eitilt 103 (1988)
| ||||
Cineál | timpiste eitlíochta ionsaí sceimhlitheoireachta buamáil eitleáin | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 21 Nollaig 1988 | |||
Suíomh | Locarbaidh, Scotland | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Aerárthach | Boeing 747 | |||
Pointe imeachta | Aerfort Frankfurt, An Ghearmáin | |||
Críochphointe | Aerfort Idirnáisiúnta John F. Kennedy, New York | |||
Oibreoir | Pan-Am | |||
Aircraft registration (en) | N739PA | |||
Eitilt | PA103 | |||
Líon básanna | 243 paisinéir 16 foireann Locarbaidh: 11 saoránach | |||
Líon na marthanóirí | 0 | |||
Ar 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am i Locarbaidh na hAlban. Sceimhlitheoireacht Libiach státurraithe a bhí i gceist.
Deirtear gur ordaigh Qaddafi buamáil Loch Earbaí le díoltas a bhaint amach ar an ionsaí a rinne SAM ar a theach cónaithe, inar maraíodh a iníon altrama dhá bhliain d’aois, dhá bhliain roimh Loch Earbaí. "Ach bhí lámh ag Iosrael sa scéal sin chomh maith...".[1][2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1980idí, bhí an Libia faoi réimeas an Choirnéil Gaddafi, deachtóir a bhí imeallaithe ag mórán mar thoradh ar a chuid tacaíochta do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, an tIRA ina measc.[3] ‘Mad dog of the Middle East,’ a bhí baiste ag an Uachtarán Reagan air go drochmheastúil agus in ábhar cartlainne d’fhógair an t-iriseoir Eamonn McCann gurb é a bhí ag éirí thiar as gach eachtra sceimhlitheoireachta san Eoraip sna hochtóidí. Ba é an sléacht a bhain le buamáil Pan Am 103 os cionn Locarbaidh na hAlban an eachtra ba mhíchlúití acu.
An sceimhlitheoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúisíodh Abdel Baset al Megrahi agus gearradh príosúnacht saoil air sa bhliain 2001.[4] Chuir muintir na Libia fáilte mhór roimh al Megrahi nuair a scaoileadh saor é sa bhliain 2009 ar bhonn atrua.[1]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'imigh an comhlacht Pan AM, an aerlíne is is cáiliúla i SAM ag an am, bancbhriste sa bhliain 1991.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Maidhc Ó Cathail (2009). "An fhírinne faoi Loch Earbaí á ceilt" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ Guardian Staff (1999-04-17). "What if they are innocent?" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (2019). "LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-22.
- ↑ "Abdelbaset al-Megrahi" (as en) (2021-12-20). Wikipedia.