Paindéim COVID-19 sa Nigéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPaindéim COVID-19 sa Nigéir
Íomhá
Map
 9°N 8°E / 9°N 8°E / 9; 8
Cineálráig ghalair de Covid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCOVID-19 pandemic in Africa (en) Aistrigh agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse27 Feabhra 2020 - 
Suíomhan Nigéir, An Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Nigéir Cuir in eagar ar Wikidata
CúisCovid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Tabular case data (en) AistrighLiosta Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh266,598 (9 Márta 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Number of recoveries (en) Aistrigh39,257 (24 Lúnasa 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Organized response related to outbreak (en) Aistrigh2020 Nigeria COVID-19 travel restrictions (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna3,155 (9 Márta 2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Haischlib#CoronaVirusNigeria Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: NCDCgov Twitter: NCDCgov Cuir in eagar ar Wikidata


Cásanna dearbhaithe i ngach stát amhail 20 Iúil 2021.

██ <100

██ 100-500

██ 500-1,000

██ 1,000-5,000

██ 5,000-10,000

██ ≥10,000

Thosaigh an paindéim COVID-19 sa Nigéir ar an 27 Feabhra 2020, nuair a thaispeáin toradh tástála gur tholg saoránach Iodálach i Lagos an víreas.[1]

Amhail 20 Iúil 2021, bhí 169,884 cás agus 2,128 bás dearbhaithe sa tír. Ina theannta sin, tháinig biseach ar 164,743 duine, agus rinneadh 2,401,894 tástáil.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Eanáir 2020, d'fhógair rialtas na Nigéire plean chun ionfhabhtuithe a chosc. Chomh maith leis sin, fógraíodh gur bhunaigh an NCDC grúpa dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.[3]

Ar an 31 Eanáir 2020, bhunaigh an NCDC "Coronavirus Preparedness Group".[4]

Ar an 26 Feabhra 2020, dúirt fear Síneach leis an rialtas i Lagos go bhféadfadh sé a bheith ionfhabhtaithe leis an gcoróinvíreas. Bí toradh diúltach ar a thástáil agus caoileadh amach as ospidéal é an lá dár gcionn.[5]

Amlíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Márta go dtí Aibreán 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

I tús mhí an Mhárta 2020, bhunaigh uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari tascfhórsa uachtaránachta.[6] Ar an 17 Márta, cuireadh an fhéile spóirt náisiúnta sa Nigéir ar ceal.[7]

Ar 18 Márta, chuir an rialtas cosc ar thaisteal ó 15 tír (agus dhá lá i ndiaidh sin, an Ostair agus an tSualainn).[8] Ar an 19 Márta, fograíodh go mbeadh gach institiúid oideachais dúnta.[9] Ar an 21 Márta, fógraíodh go gcuireadh gach seirbhís iarnród ar ceal san Nigéir,[10] Dúnadh aerfort Lagos agus aerfort Abuja ar 23 Márta.[11]

I mí Aibreáin 2020, tuairiscíodh borradh ollmhór ar líon na mbásanna i Kano, i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. I mí na Bealtaine, d'fhógair uachtarán na Nigéire Muhammadu Buhari maolú ar na srianta a bhí i bhfeidhm, ach cuireadh cuirfiú i bhfeidhm ó 20:00 go dtí 06:00, agus ba ghá mascanna aghaidhe a chaitheamh.[12][13]

Bealtaine go dtí Meitheamh 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 18 Bealtaine, leathnaíodh an dianghlasáil i Kano, le cuirfiú go dtí tús mhí an Mheithimh.[14]

Ag tús mhí an Mheithimh, cuireadh deireadh leis an dianghlasáil i Kano agus atosaíodh seirbhísí reiligiúnacha agus bainc. Chomh maith leis sin, giorraíodh an cuirfiú ó 20:00-06:00 go dtí 22:00-04:00, agus fógraíodh go n-atosaigh eitiltí intíre ón 21 Meitheamh.[15] Ag deireadh na míosa, ceadaíodh do mhuintir na Nigéire taisteal thar lear. Athosclaíodh na scoileanna ar 1 Iúil.[16]

Iúil go dtí Samhain 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Mheán Fómhair go Samhain 2020, bhí laghdú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19. Mar sin, athosclaíodh an geilleagar. Ina theannta sin, dúnadh ionaid cóireála ar feadh tamaill, ach athosclaíodh iad i mí na Nollag.[17]

Nollag 2020 go dtí an lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Nollag 2020, dúirt an tascfhórsa uachtaránachta gur thosaigh an dara tonn de COVID-19 sa Nigéir,[18] agus dúnadh scoileanna ar fud na tíre ar feadh míosa.[19] Chomh maith leis sin, thángthas ar athraitheach nua den coróinvíreas.[20]

Ar an 14 Eanáir 2021, d'fhógair rilatas go mbeadh scoileanna ar fud na Nigéire athoscailte.[21] In ainneoin sin, níor athoscail scoileanna i Edo agus Kaduna,[22] agus bhí an tOllamh Julis Ihonvbere buartha faoi mhéadú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19.[23] Ar an 25 Eanáir, tuairiscíodh an chéad chás den athraitheach Briotanach den COVID-19 sa Nigéir.[24]

Ar 2 Márta, fuair an Nigéir an chéad lastas vacsaíní ó "COVAX".[25]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Coronavirus: Nigeria confirms first case in sub-Saharan Africa" (Béarla). BBC News (28 Feabhra 2020).
  2. "COVID-19 Nigeria" (Béarla). Nigeria Centre for Disease Control (NCDC). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meitheamh 2022. Dáta rochtana: 23 Feabhra 2021.
  3. "Coronavirus: Nigeria ‘strengthens’ surveillance at five international airports" (Béarla). Premium Times (29 Eanáir 2020).
  4. "Public health advisory to Nigerians on novel coronavirus (#2)" (Béarla). Nigerian Centre for Disease Control (NCDC) (31 Eanáir 2020).
  5. Seyi Gesinde (27 Feabhra 2020). "BREAKING: Coronavirus Scare In Lagos, Govt Announces Test Result On Chinese Citizen" (Béarla). Nigerian Tribune.
  6. "Objectives" (Béarla). Presidential Task Force. Dáta rochtana: 24 Feabhra 2021.
  7. Tunde Eludini (17 Márta 2020). "Nigeria postpones National Sports Festival over coronavirus" (Béarla). Premium Times.
  8. "Nigeria adds Austria, Sweden to travel ban" (Béarla). P.M. News (20 Márta 2020).
  9. "UPDATED Coronavirus: FG orders closure of varsities, schools nationwide" (Béarla). The Punch (19 Márta 2020).
  10. Kayode Oyero (21 Márta 2020). "FG suspends railway services Monday as coronavirus cases increase" (Béarla). The Punch.
  11. Kayode Oyero (21 Márta 2020). "UPDATED: FG shuts Lagos, Abuja airports Monday as coronavirus cases hit 22" (Béarla). The Punch.
  12. "At least half of mystery deaths in Nigeria's Kano due to COVID-19 - minister" (Béarla). Reuters (8 Meitheamh 2020).
  13. "Nigeria to relax Covid-19 lockdown measures" (Béarla). Africa News (28 Aibreán 2020).
  14. "Buhari Extends Nationwide Curfew, Kano Lockdown by Two Weeks" (Béarla). This Day (19 Bealtaine 2020).
  15. Omeiza Ajayi (1 Meitheamh 2020). "Covid-19: FG orders ‘restrictive opening’ of religious houses, curfew now 10 pm to 4 am" (Béarla). Vanguard.
  16. "FG lifts ban on interstate travels" (Béarla). The Punch (29 Meitheamh 2020).
  17. "Covid-19: Nigeria is well into a Second Wave" (Béarla). Nairametrics (17 Nollaig 2020).
  18. "COVID-19: Nigeria now in second wave, PTF says" (Béarla). The Guardian, News Agency of Nigeria (17 Nollaig 2020).
  19. "COVID-19: Schools to remain closed until January 18 – Nigerian govt" (Béarla). Premium Times (22 Nollaig 2021).
  20. "Another coronavirus variant emerges in Nigeria" (Béarla). RTÉ (24 Nollaig 2020).
  21. "Nigeria confirms 1,444 COVID-19 cases as schools reopen" (Béarla). Anadolu Agency (18 Eanáir 2021).
  22. "House of rep on school resumption: See states where schools no go resume on January 18" (Béarla pidsin). BBC News (18 Eanáir 2021).
  23. Bayo Wahab (18 Eanáir 2021). "COVID-19: Reps fault January 18 school resumption date, demand 3-month postponement" (Béarla). pulse.ng.
  24. Nike Adebowale (25 Eanáir 2021). "UPDATED: COVID-19 variant, causing anxiety in UK, found in Nigeria – Official" (Béarla). Premium Times.
  25. "‘Fantastic step forward’: First COVAX vaccines arrive in Nigeria". Al Jazeera (2 March 2021).