Pailineolaíocht
Cuma
Anailís na ngráinní pailine a fhaightear caomhnaithe i ndríodair is ithreacha ársa is ea pailineolaíocht, chun na hathruithe sa bhfásra thar am a atógáil.
Soláthraíonn portach forleathan, podsail móinteach aigéadach, is dríodair lochanna sonraí sármhaithe den saghas seo. Faightear léargais uathu ar iarmhairtí daoine réamhstairiúla is a dtalmhaíochta ar an gcomhshaol.
Is féidir le seandálaithe go leor a fhoghlaim ón phailin (dusta éadrom de ghnáth) a thagann ó gach planda.[1] Maireann pailin síos tríd na blianta agus nuair a dhéanann seandálaithe scrúdú air faoi mhicreascóp, is féidir leo foghlaim faoi na saghsanna éagsúla crann agus plandaí a bhí ag fás in áit éigin ag am faoi leith.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG.ie. "Ó Chlochaois go Spásrás" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-17. Dáta rochtana: 2021-05-27.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailineolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |