Pailineolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
pailin

Anailís na ngráinní pailine a fhaightear caomhnaithe i ndríodair is ithreacha ársa is ea pailineolaíocht, chun na hathruithe sa bhfásra thar am a atógáil.

Soláthraíonn portach forleathan, podsail móinteach aigéadach, is dríodair lochanna sonraí sármhaithe den saghas seo. Faightear léargais uathu ar iarmhairtí daoine réamhstairiúla is a dtalmhaíochta ar an gcomhshaol.

Is féidir le seandálaithe go leor a fhoghlaim ón phailin (dusta éadrom de ghnáth) a thagann ó gach planda.[1] Maireann pailin síos tríd na blianta agus nuair a dhéanann seandálaithe scrúdú air faoi mhicreascóp, is féidir leo foghlaim faoi na saghsanna éagsúla crann agus plandaí a bhí ag fás in áit éigin ag am faoi leith.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG.ie. "Ó Chlochaois go Spásrás" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-17. Dáta rochtana: 2021-05-27.
  2. Hussey, Matt (2011). "Pailineolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.