Jump to content

Pagurus bernhardus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPagurus bernhardus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeMalacostraca
OrdDecapoda
FinePaguridae
GéineasPagurus
SpeiceasPagurus bernhardus Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airCancer bernhardus Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Pagurus bernhardus an fhaocha gliomaigh is coitianta ar chóstaí an Atlantaigh san Eoraip. Tugtar an portán sligreach, an saighdiúir portáin, nó go simplí an fhaocha gliomaigh air.[1] Fásann a charapás suas le 3.5cm ar fad.[2] Faightear é i limistéir charraigeacha agus ghainmheacha araon, ó uiscí Artacha timpeall na hÍoslainne, Oileánra Svalbard, agus na Rúise, chomh fada ó dheas le deisceart na Portaingéile, ach ní fhaightear é sa Mheánmhuir. Is dramhóir uiliteach é P. bernhardus[3][4] a scroblálann splíonach,[5] agus atá in ann bia a fháil trí uisce a scagadh freisin, nuair is gá.[6]

Úsáideann Pagurus bernhardus sliogáin de chuid roinnt speiceas gastrapód i gcomhair cosanta: Littorina littorea, Littorina obtusata, Nassarius reticulatus, Gibbula umbilicalis, Nucella lapillus, agus Buccinum san áireamh.[7][8] Sna codanna níos teo dá raon, is minic a fhaightear an bundún leice Calliactis parasitica ag fás ar an sliogán a bhfuil Pagurus bernhardus ina chónaí ann. In uiscí níos fuaire, is é Hormathia digitata a chomhlíonann an ról seo. Troideann faochain ghliomaigh le chéile faoi shliogáin ghastrapóid, agus is fearr leo sliogáin de chuid speiceas áirithe.[8]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfaocha gliomaigh ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:

Déanamh an ghliomaigh atá uirthi ach go bhfuil sí beag ar nós an ribe róibéis. Craiceann garbh atá uirthi i leaba sliogáin cé is moite de na hordóga agus de mhullach a cinn. Bíonn sí istigh i bhfaocha — nó i sliogán na faochan ba chirte dom a rá — ar feadh a saoil, á hiompar ar a droim ó áit go háit sna locháin ar fud an chladaigh, agus deirim leat gur maith an coisí í faoin ualach, freisin. Is minic go mbíonn farasbarr meáchain ar a cruit mar go bhfásann bairnigh bheaga agus feamainn uirthi tráth den bhliain, is é sin nuair a bhíos an fhaocha folamh tamall sula dté an tionónta nua i seilbh. Fásann feamainn, caonach, bairnigh agus bundúin ar shliogáin nó ar fhaochain nach mbíonn ag corraí, ar nós na gcloch, ach ní thagann aon chaonach ná eile ar an gcloch reatha.

  1. “Pagurus bernhardus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  2. E. Wilson (2007). “Hermit crab – Pagurus bernhardus”. Marine Life Information Network. Dáta rochtana: January 22, 2009.
  3. Ernst S. Reese (1969). "Behavioural adaptations of intertidal hermit crabs". American Zoologist 9 (2): 343–355. doi:10.1093/icb/9.2.343. JSTOR 3881807. 
  4. J. H. Orton (1927). "On the mode of feeding of the hermit crab Eupagurus bernhardus and some other decapods". Journal of the Marine Biological Association of the United Kingdom 14 (4): 909–921. doi:10.1017/S0025315400051146. 
  5. M. E. Laidre & R. W. Elwood (2008). "Motivation matters: cheliped extension displays in the hermit crab, Pagurus bernhardus, are honest signals of hunger". Animal Behaviour 75 (6): 2041–2047. doi:10.1016/j.anbehav.2007.11.011. 
  6. S. A. Gerlach, D. K. Ekstrøm and P. B. Eckardt (1976). "Filter feeding in the hermit crab, Pagurus bernhardus". Oecologia 24 (3): 257–264. doi:10.1007/BF00345477. JSTOR 4215284. 
  7. Common hermit crab (Pagurus bernhardus)”. ARKive. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-07. Dáta rochtana: January 22, 2009.
  8. 8.0 8.1 Brian A. Hazlett (1967). "Interspecific shell fighting between Pagurus bernhardus and Pagurus cuanensis (Decapoda, Paguridea)". Sarsia 29 (1): 215–220. doi:10.1080/00364827.1967.10411083.