Cuachma chon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuachma chon
Nucella lapillus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdNeogastropoda
FineMuricidae
GéineasNucella
SpeiceasNucella lapillus Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airBuccinum lapillus Cuir in eagar ar Wikidata

Is moileasc í an chuachma chon (Nucella lapillus). Tugtar faocha chapaill agus faocha choirn air freisin.[1] Seilide mara atá i gceist. Dúchasach do chóstaí na hEorpa agus iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Itheann sé diúilicíní agus garbháin carraige.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfaocha chapaill ina leabhar Cladaí Chonamara:

Seo cineál atá cosúil le miongáin. Timpeall le leath­ thrá a bhíos siad tirim. Níl aon mhaith mhór iontu le n-ithe; fásann siad ar chlocha go hiondúil i locháin agus nuair a éiríos an lán mara bíonn siad ag máinneáil thart ag soláthar ruainne le n-ithe. Níl siad rófhairsing ar chladaí fiáine. Is maith leo an foscadh, ní bhíonn mórán acu le feiceáil sa dúluachair mar déanann siad imirce go háit eicínt eile. Is mar sin atá an scéal ag aon chineál i dtrá ná i gcladach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Nucella lapillus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.