Paddy Moloney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaddy Moloney

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Pádraig Ó Maoldomhnaigh
Beathaisnéis
Breith1 Lúnasa 1938
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Deireadh Fómhair 2021
83 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol
Gairmceoltóir, léiritheoir ceirníní Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1960 –  2021
Ball de
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann agus ceol tíre traidisiúnta
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisPíb mhála, píoba uilleann agus feadóg stáin
Lipéad ceoilCladdagh Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteAedin Moloney Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0597232 Musicbrainz: 604ace11-4af7-4837-8c09-3becc2a822f9 Songkick: 2220397 Discogs: 281048 Allmusic: mn0000743661 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir traidisiúnta mór le rá ba ea Paddy MoloneyPádraig Ó Maoldomhnaigh (1 Lúnasa 193812 Deireadh Fómhair 2021), duine de mhórphearsana cheol traidisiúnta na hÉireann.[1] Leis The Chieftains is mó atá sé luaite, buíon cheoil a thug sé le chéile sna 1970idí.[2] Dúirt Taisce Cheol Dúchais Éireann gur chuir Paddy Moloney go mór leis an gceol traidisiúnta in Éirinn agus gur oidhreacht iontach atá fágtha le huacht aige.[3]

2006
2006
The Chieftains & Carlos Nuñez, 2009
2010

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Domhnach Cearna i i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath é Paddy Moloney.

D'fhoghlaim sé ceol óna mhuintir ar dtús. Ina dhiaidh sin mhúin an píobaire aitheanta Rowsome an phíb uilleann dó. Ocht mbliana d’aois a bhí sé nuair a d’iarr sé ar a mhuintir seit píob de chuid Rowsome a fháil dó.[4]

Ceoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Paddy ag seinm le Ceoltóirí Chualann faoi stiúir Sheáin Uí Riada sula ndeachaigh sé leis na Chieftains i 1963. Ba é Paddy Moloney ceann feadhna an ghrúpa aitheanta sin ar feadh beagnach seasca bliain.

Bhain na Chieftains cáil idirnáisiúnta amach faoi stiúir Paddy Moloney. Bronnadh go leor duaiseanna orthu, sé cinn de Grammys ina measc.[2]

Tá breis agus scór albam curtha amach ag The Chieftains agus tá ceol cumadóireachta agus cóiriú le Paddy le cloisteáil ar an uile cheann.

Taifeadtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Paddy Moloney lárnach i bhforbairt an cheoil Ghaelaigh agus é bainteach le bunú Cheirníní Cladaigh, le Garech de Brún, an lipéad ar ar taifeadadh na chéad sé albam de chuid The Chieftains.[5]

I bpáirt le Breandán Breathnach agus Séamus Ennis, bhí Paddy gníomhach i mbunú ‘Na Píobairí Uilleann’ i 1968 agus ba mhór a thionchar ar athbheochan na píbe uilleann.[4]

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Paddy bás tobann ar 11 Deireadh Fómhair 2021 agus in aois a thrí bliana agus ceithre scór. Adhlacadh é i gcathaoir naofa Chaoimhín i nGleann Dá Loch, i gCo Chill Mhantáin.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ciarán Lenoach (2021-10-15). "An taoiseach ceoil Paddy Moloney curtha i gcré na cille" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-10-12). "Paddy Moloney ó na Chieftains tar éis bháis" (as ga). 
  3. Irish Traditional Music Archive (2021-10-13). "​Appreciation of Paddy Moloney’s Legacy from the…" (ga). ITMA. Dáta rochtana: 2021-10-13.[nasc briste go buan]
  4. 4.0 4.1 Méabh Ní Thuathaláin (2021). "‘Mairfidh oidhreacht Paddy Moloney sa gceol a chruthaigh sé agus a roinn sé leis an domhan mór’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-25.
  5. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-10-13.