Púdarmhiotalóireacht
Cruthanna miotalacha a dhéanamh trí phúdar an mhiotail a chomhbhrú isteach sa bhfoirm chríochnaithe nó gar di. Baineadh feidhm aisti ar dtús chun filiméid tungstain a dhéanamh i gcomhair bolgán leictreach, agus anois chun uirlisí gearrtha cairbíd tungstain is imthacaí féinbhealaithe a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh le hiarann, stán, nicil, copar, alúmanam is tíotáiniam. Ar dtús déantar na púdair le páirteagail rialta de thoisí ar leith trí adamhú (trí sprae den mhiotal leáite a fhuarú go tapa) nó deascadh rialaithe ceimiceach. Ansin comhbhrúitear an púdar isteach i múnla roimh é a theaschóireáil (sintéarú). Is amhlaidh a tharlaíonn táthú idir na páirteagail ag na pointí tadhaill ar fud an struchtúir. I mbealach eile, cothaítear an púdar ó chrannóg isteach sa bhearna idir dhá rollóir chun stiall a dhéanamh. Is cost-éifeachtúil an modh deantúsaíochta é, agus tugann sé póiriúlacht sa struchtúr más inmhianaithe é sin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Púdarmhiotalóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 541.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |