Sintéarú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas a úsáidtear i miotalóireacht phúdar. Is féidir páirt mhiotalach a dhéanamh tríd an bpáirt sin a mhúnlú i bpúdar an mhiotail is an múnla a choinneáil ag teocht rud beag níos lú ná leáphointe an mhiotail (faoi bhrú, uaireanta) ar feadh cuid mhaith uaireanta (nó i gcás cóimhiotail, teocht gar do leáphointe na comhpháirte den chóimhiotal leis an leáphointe is airde). Próiseas coigilteach chun páirteanna beaga a dhéanamh, agus is áisiúil é i gcás miotail le leáphointe ard ar deacair agus costasach é a theilgean. Is féidir struchtúr póiriúil a dhéanamh sa phróiseas, rud a bhíonn buntáisteach i gcomhair bealaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sintéarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 599.