Pól Ó Foighil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPól Ó Foighil

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1928
Bás21 Márta 2005
76 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
1 Deireadh Fómhair 1989 – 17 Nollaig 1992
Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Rolla Oibreachais
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Polaiteoir Éireannach ab ea Pól Ó Foighil.[1] Bhásaigh sé ar 21 Márta, 2005, é tar éis tinnis fhada in aois a 76 bliain. Tháinig sé go Cois Fharraige i 1953, agus bhí sé i gcónaí gníomhach ag cuidiú le pobail Ghaeltachta agus chloígh sé go daingean leis an nGaeilge. Bhí baint mhór aige le bunú comharchumann agus lena bhforbairt, go háirithe i gceantair Chonamara agus Árainn.

Sheas sé mar iarrthóir neamhspleách i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar sa bhliain 1975 ach níor éirigh leis. Chuaigh sé isteach i bhFine Gael sa bhliain 1979 agus toghadh é mar bhall den Chomhairle Chontae agus d'Údarás na Gaeltachta níos déanaí sa bhliain chéanna. Sheas sé trí uaire níos mó don Dáil ach níor toghadh é. Chaith sé tréimhse ina sheanadóir ón mbliain 1989 go 1993, agus níor labhair sé ach Gaeilge ar feadh an ama, rud a spreag bunú rannóg cheart aistriúcháin ansin.

Ar an gCnoc in aice leis an Spidéal a bhí cónaí air lena bhean, Chrissie, a bhásaigh ar an 25ú d'Aibreann 2007. Maireann seisear clainne leis. Chuir mac leis lámh ina bhás féin agus é ina ógfhear.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]