Péacóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Péacóg (éan))
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPéacóg
Pavo Cuir in eagar ar Wikidata

péacóg Indiach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdGalliformes
FinePhasianidae
GéineasPavo Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Baineann an t-alt seo leis an éan; féach freisin Péacóg (idirdhealú).

Dhá speiceas piasúin, iad araon ó fhoraoisí na hIndia is oirdheisceart na hÁise, an phéacóg Indiach níos suntasaí ná an ceann eile. Tá cineál eile ó iarthar na hAfraice a dtugtar an t-ainm céanna air. Tugtar an coileach péacóige ar an bhfireannach, cearc phéacóige ar an mbaineannach. Cáil ar an gcoileach péacóige as a scrofall lonrach (suas le 1.5 m ar fhad) ina mbíonn súil, ciorcal gealdaite, ar fhoirceann gach cleite. Taispeánann sé an t-eireaball trí é a oscailt is a ardú os a chionn. Bíonn na fireannaigh gormghlas nó glas/cré-umha, na baineannaigh glas nó donn gan scrofall. Bíonn na héin seo cantalach.[1]

Uibheacha péacóige in Aravath, Ceantar Kasaragod, Kerala, India
Peacock ar charbad práis de chuid Searsole Rajbari, Bengal Thiar, an India

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Péacóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 509.