Oswald Freisler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oswald Freisler
Saol
Eolas breitheHameln, 29 Nollaig 1895
NáisiúntachtAn Reich Gearmánach
BásBeirlín, 4 Márta 1939
Cúis bháisféinmharú
Muintir
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Leibhéal oideachaisDochtúir le Dlí
Gairm
Gairmdlíodóir agus notary (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPáirtí na Naitsithe

Dlíodóir agus Naitsíoch ba ea Oswald Freisler (29 Nollaig 1895 - 4 Márta 1939). Chosain sé easaontóirí i nGearmáin na Naitsithe sna 1930id, rud nár thaitin le Goebbels beag ná mór agus fuair Oswald bás 'anabaí'.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Oswald ar scoil in Aachen agus Kassel. Tar éis dá sheirbhís in Arm Impiriúil na Gearmáine le linn an Chéad Chogaidh Domhanda, rinne sé staidéar ar an dlí n Kiel, Frankfurt am Main. agus Göttingen. Chuir sé cleachtas dlí nua ar bun sa bhliain 1924 in Kassel, in éineacht lena dheartháir níos sine, Roland (níos déanaí ina bhreitheamh de chuid na Naitsithe).[1]

Bhí Oswald ina bhall de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine ó 1927 amach. In ainneoin sin, chosain sé daoine a bhí i gcoinne na Naitsithe sna cúirteanna agus bhí sé ina chainteoir poiblí éifeachtach. Fuair sé aird an phobail dá bharr sin.

Bhí Oswald i láthair na cúirte mar abhcóide na gcosantóirí i roinnt cásanna ardphróifíle íogaire ó thaobh na polaitíochta de tar éis 1933.[1]

Bhí cáil go háirithe ar "Thriail na gCaitliceach" sa bhliain 1937; níor tugadh breith bháis ar An tAthair Joseph Cornelius Rossaint[2] agus fuarthas neamhchiontach daoine eile,[3] rud nár thaitin le Goebbels beag ná mór. Díreach i ndiaidh sin, díbríodh Oswald as an bpáirtí.

Chuir Oswald lámh ina bhás féin, b'fhéidir, sa bhliain 1939, faoi chúinsí amhrasacha.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Roland Freisler". Dáta rochtana: 2022.
  2. "Joseph Cornelius Rossaint" (as de) (2021-12-12). Wikipedia. 
  3. André Niedostadek. "Roland Freisler: Hitlers williger Vollstrecker" (de). LTO-Karriere. Dáta rochtana: 2022-03-03.